An difríocht idir athruithe ar: "Bliain Idirnáisiúnta na Geoifisice"
Content deleted Content added
m robot Adding: es:Año Geofísico Internacional |
Dátaí |
||
Líne 1:
'''Bliain Idirnáisiúnta na Geoifisice''': B'í Bliain Idirnáisiúnta na Geoifisice, a mhair ní b'fhaide ná bliain (ón [[1 Iúil|chéad lá de Mhí Iúil]] [[1957]] go dtí [[21 Nollaig|an t-aonú lá déag is fiche de Mhí na Nollag]] [[1958]]), an tionscadal comhoibrithe ba mhó riamh i stair na heolaíochta. Bhí seacht dtír is trí scór ar fad páirteach san fhiontar seo, agus iad ag comhchruinniú a gcuid cumais leis na príomhábhair staidéir seo leanas a thaighde:
* [[meitéareolaíocht|an mheitéareolaíocht]] (is é sin, an aimsir);
* [[an Ghrian]];
* na [[Saighneáin]] (is é sin, an chaor aduaidh, nó aurora borealis);
* [[an spás]];
* agus [[an gheoifisic]], is é sin, fisic an Domhain.
Is iomaí gléas úr teicneolaíochta a cuireadh in úsáid an chéad uair in obair na heolaíochta le linn Bhliain Idirnáisiúnta na Geoifisice: an radar, na roicéid, an leictreonaic ardfhorbartha, agus fiú an chéad dá shatailít dhaondéanta, mar atá, [[Sputnik]] na Rúiseach agus [[Vanguard (spásárthach)|Vanguard]] na Meiriceánach. Bhí Vanguard sceidealaithe ón tús an chéad turas spáis a thabhairt le linn Bhliain Idirnáisiúnta na Geoifisice, agus siúd is gur chlis ar an chéad dá iarracht lainseála, scaoileadh an chéad Vanguard chun bealaigh fá dheoidh i Mí na Márta 1958.
{{stumpa}}
[[de:Internationales Geophysikalisches Jahr]]
[[en:International Geophysical Year]]
|