An difríocht idir athruithe ar: "Veiniséala"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 44:
Is [[tír]] ar chósta thuaidh [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]] é '''Veiniséala'''. [[Spáinnis]] an [[teanga oifigiúil]]. Is é [[Caracas]] an [[príomhchathair|phríomchathair]]. Ba é [[Diego de Losada]] a bhunaigh an chathair i [[1567]] tar éis dó na pobail áitiúla a threascairt i gcogadh. Meastar go bhfuil daoine ina gcónaí sa réigiún le os cionn deich míle bliain. Cruthaíodh an tír nuair a thit [[Gran Colombia]] as a chéile sa bhliain [[1830]] tar éis do na coilíneachtaí saoirse a bhaint den [[An Spáinn|Spáinn]] i [[1811]]. Ba sa bhliain [[1522]] a bunaíodh an chóilíneacht Spáinneach agus is í an Spáinnis príomhtheanga na tíre ó shin.
 
Ba é an [[cócó]] príomhtháirge na tíre ar feadh cúpla céad bliain, agus tháinig daoine anois ón Spáinn chun dul i mbun [[feirmeoireacht]]a. Bhain siad úsáid as sclábhaire ón [[Afraic]] chomh maith, agus rinneadh forbairt ar bharraí eile ar nós [[cadás]], [[siúcra]], [[caifécaife]] agus [tobac]]. Is cuid thábhachtach de chultúr Veineiséala traidisiúin, ceol agus amhráin na sclábhaithe.
 
Rinne [[Francisco de Miranda]], a chaith seal in arm na Spáinne, agus a bhí páirteach i gcogadh saoirse [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] agus i [[Réabhlóid na Fraince]], iarracht neamhspleáchas a bhaint amach do Veiniséala, ach ní raibh aird ar bith air, agus níor tháinig gluaiseacht na saoirse chun cinn go dtí gur ghabh [[Napoleon]] seilbh ar an Spáinn. D'úsáid lucht rachmais Veiniséala an t-ionradh sin mar leithscéal chun neamhspleáchas a fhógairt i mí [[Iúil]] [[1811]]. Bhí [[Simón Bolívar]] i measc na réabhlóidithe agus scaip sé soiscéal na réabhlóide ar fud Mheiriceá Theas. Rinne na Spáinnigh iarracht na coilínigh a athghabháil nuair a bhí Napoleon ruaigthe as a dtír féin acu, agus troideadh cogadh fada fuilteach, ach faoi [[1821]] bhí neamhspleáchas Veiniséala buanaithe.
 
Tháinig ceannairí éagsúla míleata i gcomharbacht ar a chéile sa tréimhse ar a dtugtar an ''[[Caudillismocaudillismo]]'' agus bhí cogadh cathardha sa tír idir na coimeádaigh agus na liobrálaigh sna blianta [[1859]]-[[1863]]. Ba iad na liobrálaigh a bhuaigh an cogadh sin, ach ba iad na ginearáil a choinnigh an chumhacht.
 
Sa chuid ba mhó den bhfichiú haois bhí saighdiúirí i gceannas na tíre, ach cuireadh rialtas daonlathach ar bun i [[1959]]. Is é [[Hugo Chavez]] an t-uachtaráin atá ann ó [[1999]]. Iarshaighdiúir a rinne iarracht an rialtas a chur dá chois, ach a toghadh go daonlathach ó shin faoi dhó. Cuireadh as oifig é in éirí amach den eite dheis, a fuair tacaíocht ó na Stáit Aontaithe, ach de bharr léirsithe ollmhóra b'éigean don lucht ceannairce cumhacht a ghéilleadh dó arís.
 
MarRinne gheall ar an gcur isteach ó Mheiriceá táChavez dlúthcheangal déanta ag Chavez le rialtas [[Chúba]] agus fógraítear go bhfuil "[[sóisialachas]] don [[21ú haois]]" i réim sa tír. Bhí an-chuid airgid ag an rialtas mar gheall ar na tobair ola atá go flúirseach inti agus caithtear cuid mhór airgid ar chúinsí sláinte agus oideachais na mbocht a fheabhsú.
 
Acharl 912,050 ciliméadar cearnach, 30,000 ciliméadar cearnach faoi uisce. Aeráid the theochreasach atá sa tír.