An difríocht idir athruithe ar: "An tOrd Teotanach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'B'ord Míleata a bhí in '''Ord na mBráithre an Tí Gearmánach Naomh Muire in Iarúsailéim''', nó '''An tOrd Gearmánach''' mar a bhí aithne orthu le linn a ré f...'
(No difference)

Leagan ó 22:45, 5 Bealtaine 2016

B'ord Míleata a bhí in Ord na mBráithre an Tí Gearmánach Naomh Muire in Iarúsailéim, nó An tOrd Gearmánach mar a bhí aithne orthu le linn a ré féin nó An tOrd Teotanach mar atá aithne orthu san lá atá inniu ann. Cuireadh tús leis an t-ord sa mheánoirthear le linn léigear Acra sa bhliain 1190, ag tús an triú crosáide.[1]

Bunú an Oird

Bhí géirchéim i measc na coisithe Gearmánacha. Ní raibh ag éirí leis an arm Críostaí an chathair a ghabhail agus bhí na saighdiúirí ag fulaingt go mór dá bharr. Ní raibh siad in ann na mairbh a adhlacadh i gceart agus dá bharr sin chaitheadar isteach sa mhóta um ballaí na cathrach iad. Bhí boladh bréan agus tinneas ar an áit agus fuaireadar bás ina gcéadta dá bharr.[2] Tháinig meitheal crosáidithe meánaicmeach ón nGearmáin le chéile chun ord ospidéil a bhunú. Bhí an t-Ord Teotanach curtha ar bun, le beannacht ón Pápa Celestine III chun cúram ospidéal a chur ar fáil do saighdiúirí agus oilithrigh Gearmánacha sa Thír Bheannaithe.[3] Mar aon leis na Spidiléirí agus na Teamplóirí, bhí go leor ridirí i measc bráithre an Oird Teotanach. D’iarr siad ar an bPápa a bheith aitheanta mar Ord Míleata. Ghlac sé leis an iarratais agus thug sé cairt nua dóibh sa bhliain 1198.[4]

Struchtúr na hEagraíochta

Ba é An Mháistir a bhí mar tideal ar cheann na hEagraíochta ón tús. Bunaíodh craobhacha eile sa Ghearmáin, sa Phrúis agus sa Liovóin níos déanaí agus bhronn siad Máistir mar tideal ar ceannairí na ceaobhacha sin. Ghlaoigh siad an tArdmháistir ar ceannaire na Teotanaigh as sin amach. Bhí an tArdmháistir tofa ag baill an ardchraobh.[5] Bhí air oifigigh an oird a ainmniú. Bhí eochair an duine ag an tArdmháistir, ag ceannasaí fórsaí an oird sa Thír Bheannaithe agus ag an gCisteoir d’órchiste an oird.[6]

Tagairtí

  1. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 11
  2. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 11
  3. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 11
  4. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 12
  5. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 16
  6. Urban, W. (2003) The Teutonic Knights, Frontline Books, Lch 16