An difríocht idir athruithe ar: "Franklin D. Roosevelt"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not featured
Tyuiop (plé | dréachtaí)
ina bhall den pháirtí Daonlathach]
Líne 17:
|síniú=Franklin Roosevelt Signature.svg
}}
B'é '''Franklin Delano Roosevelt''' ([[30 Eanáir]], [[1882]] – [[12 Aibreán]], [[1945]]) an 32ú [[Uachtarán na Stát Aontaithe|hUachtarán ar na Stáit Aontaithe]] ó [[1933]] go dtí a bhás i [[1945]]. Bhí sé ina bhall den [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|pháirtí Daonlathach]]. Bhí ceithre théarma Uachtaránachta ag Roosevelt i ndiaidh a chéile, níos mó ná ag aon uachtarán eile.
 
Dúirt Roosevelt - agus é ag seasamh don Uachtaránacht sa bhliain 1932 - go dtairgfeadh sé 'New Dea!' do mhuintir Mheiriceá. Dá dtoghfaí é, chuirfeadh an Rialtas scéimeanna ar bun (tógáil bóithre agus dambaí, mar shampla) chun obair a chur ar fáil. Thug móramh na Meiriceánach a vóta dó i ngeall ar a pholasaithei Samhain 1932. Cheap a lán de lucht an rachmais i Meiriceá gur bheag ná gur Chumannachas a bhí i gceist agus chuir siad ina choinne<ref>Cowman, Des (1991). Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach, leathanach 67 (An Gúm).</ref>
 
Sa bhliain 1933, ní go furasta a d'áitigh Roosevelt ar an g[[Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe|Comhdháil]] tacaíocht a thabhairt dó, ach mheall a chéad óráid ina láthair a lán díobh ar a thaobh ar an [[4 Márta]] [[1933]]. Is éard a dúirt sé leo, go bunúsach, ná go n-éireodh go breá le Meiriceá arís dá mbeadh daoine ciallmhar agus glacadh leis an saol mar a bhí i ndáiríre. Dúirt Roosevelt
<blockquote> “Is é an t-aon rud ar chóir dúinn eagla a bheith orainn roimhe ná an eagla féin ... Tá na mílte dár saoránaigh dífhostaithe agus fadhb mhór rompu amach .. , gan aon toradh ar a gcuid iarrachtaí ... Ach ní easpa acmhainní is cúis lenár n-ainnise. Tá
flúirse i mbéal an dorais againn ach tá ag teip orainn leas a bhaint aisti ...”.</blockquote>
 
Ceann de scéimeanna Roosevelt ná damba millteanach mór a thógáil ar abhainn na Tennessee chun leictreachas a sholáthar. Tugadh an [[Tennessee Valley Authority]] (T.V.A.) ar an dream ar cuireadh cúram a thógála agus a reáchtála orthu.
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
{{UachtaráinSAM}}