An difríocht idir athruithe ar: "Up (scannán)"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
{{glanadh}}
Sa bhliain 2009, rinne an stiúideo anamúlachta Pixar an scannán ‘Up’'''Up'''. Is iad greann, dráma agus eachtra na téamaí atá sa scannán. Is é an t-athrú a thagann ar an bpríomhcarachtar Carl Fredericksen mar gheall ar an ngaol atá idir é féin agus an príomhcarachtar eile Russell atá mar chroílár an scannáin seo.
Sna 1930í, bhuaileamar le Carl. Buachaill óg le meon eachtrúil atá ann. Tá sé ag iarraidh a bheith ina thaiscéalaí, cosúil lena laoch mór, Charles Muntz. Buaileann sé le Ellie, cailín a bhfuil suim mhór aici i ag Charles Muntz freisin. Ligeann sí rún le Carl go bhfuil sí ag iarraidh a chlubtheach a bhogadh go dtí Paradise Falls, i Venezuela, mar beidh sí ina taiscéalaí nuair atá si fásta, cosúil le Carl. Geallann Carl go dtabharfaidh sé cabhair di é a dhéanamh. Titeann siad i ngrá agus pósann siad a chéile nuair atá siad fásta suas. Déanann siad cúpla iarracht dul go Paradise Falls, ach níl siad in ann dul mar gheall ar chúiseanna difriúla. Tar éis tamaill nuair atá Carl agus Ellie cnagaosta, éiríonn Ellie tinn agus cailltear í.
Tar éis cúpla bliain, tá Carl fós sa teach ach tá forbairt uirbeach timpeall an tí anois. Gortaíonn Carl tógálaí de thimpiste, ach ordaíonn cúirt go gcaithfidh Carl dul go teach cnagaosta. Déanann Carl cinneadh áfach chun dul go Paradise Falls in ionad an teach cnagaosta. Déanann sé teach aerárthach – úsáideann sé na mílte balún chun dul go Venezuela. Tógann na balúin an teach suas san aer (le Russell freisin, buachaill beag atá ball den Cumann Scabtha a bhí ag doras Carl ag an am), agus tosaíonn an eachtra.