An difríocht idir athruithe ar: "Sacailín"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
 
Líne 1:
[[Íomhá:Sakhalin (detail).PNG|mion|Sacailín ar an léarscáil]]
[[Íomhá:Cape Tihii. Sakhalin coast of Sea of Okhotsk.JPG|mion|Roinn Tihii ar chósta [[Muir Ocatsc|Mhuir Ocatsc]] ar Oileán Shacailín]]
Oileán mór faoi dhlínse na [[An Rúis|Rúise]] atá suite in iarthuaisceart an [[An tAigéan Ciúin|Aigéin Chiúin]] is ea '''Sacailín''' ([[Rúisis]]: Сахалин; [[Seapáinis]]: 樺太, ''Karafuto''). Tá an t-oileán suite idir [[Muir Ocatsc|Mhuir Ocatsc]] ar thaobh thoir an oileáin agus Caolas na Tartaire ar a thaobh thiar. Tá Caolas La Pérouse (nó Caolas Sōya) idir Shacailín agus [[Hokkaido]] na Seapáine. Sa bhliain 2005 bhí timpeall is 580,000 duine ina gcónaí ar an oileán. Is é [[Yuzhno-Sakhalinsk]] príomhchathair Chúige Shacailín agus an baile is mó ann.
 
Tá úinéireacht an oileáin faoi chaibidil idir an Rúis agus an t[[An tSeapáin|Seapáin]] le cúpla céad bliain anuas. Le linn dhá thréimhse bhí na Seapánaigh i réimeas ar dheisceart an oileáin agus na Rúisigh sa tuaisceart. Tháinig deireadh le smacht na Seapánach ar an oileáin den dara huair ag deireadh an [[Dara Cogadh Domhanda]] sa bhliain 1945. Ag an am sin, na 300,000 Seapánach agus Cóiréach a bhí ina gcónaí ar Shacailín, chuir na Sóivéadaigh ag obair iad ar feadh 5 bliana sular cuireadh ón oileán iad. Ba shin sa bhliain 1951 agus Conradh San Francisco sínithe idir an t[[An tAontas Sóivéadach|Aontas Sóivéadach]] agus an tSeapáin. Ghéill na Seapánaigh a smacht ar an oileán sa chonradh sin ach níor aithin siad úinéireacht na Sóivéadach (ná aon dream eile) ar Shacailín. Na h[[Aidhniúch|Aidhniúigh]] a bhí dúchasach ar an oileán, thug siad a n-aghaidh ar an tSeapáin.