An difríocht idir athruithe ar: "Criostal fótónach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Criostal saorga ina bhfuil eilimintí frithchaiteacha leagtha amach go rialta (mar shampla, laitís chearnógach le colúin fhrithchaiteacha timpeall 1 μm amach ó...'
 
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Opal_Armband_800pix.jpg|deas|250px|thumb|Criostal fótónach]]
[[Criostal]] saorga ina bhfuil eilimintí frithchaiteacha leagtha amach go rialta (mar shampla, laitís chearnógach le colúin fhrithchaiteacha timpeall 1 μm amach ó chéile). Maidir leis na gathanna [[Solas|solais]] a théann isteach sa laitís ón taobh, frithchaitear iad ó cholúin dhifriúla, trasnaíonn siad a chéile, agus cuirtear bac ar tharchur solais de mhinicíochtaí áirithe. Má bhíonn colúin aonaracha nó línte colún ar iarraidh, feidhmíonn sé seo chun solas a sháinniú, agus mar sin is féidir criostail fhótónacha a úsáid chun léis an-mhíne solais a ionramháil. Táirgeadh criostail fhótónacha le feidhmiú sa chuid infheicthe den [[speictream]], agus is féidir go soláthróidh seo bealaí chun micrichiorcaid optúla a shreangú i gcomhair feidhmeanna teileachumarsáide is ríomhaireachta amach anseo. Chuirfeadh criostail fhótónacha, ar scála i bhfad níos mó, cosc ar tharchur fuaime, agus tairgeadh a leithéid mar theicníocht fuaimdhíonta.