An difríocht idir athruithe ar: "Croí saorga"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
chlib amháin: Reverted
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
chlib amháin: Reverted
Líne 1:
[[Íomhá:The_SynCardia_temporary_Total_Artificial_Heart_with_pink_heart_background.jpg|deas|250px150px|thumb|Croí saorga]]
[[Caidéal]], fuinnmhithe le batairí, a dhéanann an fhuil a chaidéalú i gceart ar fud na colainne, le teacht i gcabhair ar dhaoine le [[galar croí]] ar leith a dtugtar ''cliseadh cairdiach'' air, a bhíonn ina thrúig bháis do níos mó daoine sa tír seo is ar fud [[An Domhan|an domhain]] thiar ná aon ghalar eile. Modh amháin le duine a shábháil is ea an croí lag a bhaint agus croí sláintiúil a thrasphlandáil ann. Éiríonn leis an obráid seo an chuid is mó den am, ach ní féidir teacht ar dhóthain croíthe sláintiúla. Ar dtús bhí na croíthe saorga mór trom. Bhí sé deacair an fhuil a chosaint ar [[Téachtadh|théachtadh]] is í i dteagmháil le hábhair shaorga an ghairis, agus an gaireas a chosaint ar dhiúltú ag an [[Córas imdhíonach|gcóras imdhíonach]]. De réir a chéile tá na gairis ag éirí níos lú éadroime, agus níos cairdiúla don fhuil is an córas imdhíonach. Caidéal chomh beag le hordóg atá in úsáid anois, na batairí taobh amuigh den cholainn, agus sreanga ag rith tríd an [[Craiceann|gcraiceann]] chuig an mótar sa chaidéal. Meastar go ligeann sé seo don chroí féin feabhsú cuid mhaith, agus go mbeidh croíthe saorga i ngnáthúsáid go luath.