An difríocht idir athruithe ar: "Giovanni Schiaparelli"

Content deleted Content added
Catagóirí, pictiúr
Líne 1:
[[Íomhá:GiovanniSchiaparelli.jpg|deas|200px|thumb|Giovanni Schiaparelli.]]
[[Réalteolaíocht|Réalteolaí]] [[An Iodáil|Iodálach]] ab ea é '''Giovanni Virgilio Schiaparelli''' ([[14 Márta]] [[1835]] - [[4 Iúil]] [[1910]]). Bhain sé amach dintiúirí an réalteolaí ó ollscoil [[Torino]] agus chaith sé seal ag staidéar i Réadlann [[Beirlín|Bheirlín]] freisin, ach rinne sé an chuid ba mhó de shaothar a shaoil i Réadlann [[Brera]]. Rinne sé breathnóireacht dhian ar [[Mars (pláinéad)|Mhars]], agus bhaist sé ainmneacha ar chuid mhór de na háiteanna ansin, mar a chonaic sé sa teileascóp iad. B'eisean a chuir na ráflaí faoi "chanálacha" ar Mhars ag imeacht, nó dúirt sé go raibh sé tar éis gnéithe a shonrú ar dhroim an phláinéid a raibh cosúlacht na g''canali'' ("grinnill abhann") orthu, mar a chuir sé i bhfocail [[Iodáilis|Iodáilise]] é. Is é an chiall a bhain an t-aistritheoir as an méid sin gur "canálacha" a bhí ann agus iad déanta ag neacha intleachtúla eachtardhomhanda, agus spreag an mhíthuiscint seo na mílte de dhaoine ag déanamh a dtuairimíochta féin faoi "mhuintir Mharsa".
 
{{stumpa}}
[[Catagóir:Réalteolaithe|Schiaparelli, Giovanni]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1835|Schiaparelli, Giovanni]]
[[Catagóir:Básanna i 1910|Schiaparelli, Giovanni]]
 
[[de:Giovanni Schiaparelli]]