An difríocht idir athruithe ar: "An Fhrainc"

Content deleted Content added
Léon Blum tofa ina phríomhaire ar an Fhrainc.
Líne 179:
Bhí cóilíní ag an bhFrainc ón 17ú haois go dtí na [[1960idí|1960í]]. Sa [[19ú haois|19ú]] agus [[20ú haois|20ú]] haois bhí a hImpireacht Domhanda ar an dara ceann ba mhó, i ndiaidh impireacht na Breataine. Idir [[1919]] agus [[1939]], bhí an Impireacht ós cionn 12,347,000 km<small>2</small> (4,767,000 míkm<small>2</small>). Leis an tír féin san áireamh, sna [[1920idí|1920í]] and [[1930idí|1930í]], bhí 8.6% de achar an domhain faoi réimeas na Fraince.
 
Cé gur bhuaigh siad ar deireadh sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|gCéad Chogadh Domhanda]], d'fhulaing an tír go mór, go háirithe ó thaobh daoine agus mianraí de.

Bhunaigh an rialtas, Fronta an Phobail, córas leasaithe shóisialta sna [[1930idí|1930í]]. Ar an [[4 Meitheamh]] [[1936]], bhí Léon Blum tofa ina phríomhaire ar an Fhrainc.
I rith an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]], tar éis ionradh na nGearmánach ag úsáid [[blitzkrieg]], ghéill siad.

Bhí daoine san Fhrainc nár aontaigh leis an ngéilleadh agus thosaigh siad "Fórsaí Saoirse na Fraince" lasmuigh den tír, agus Frithbheartaíocht na Fraince istigh sa tír. Sa bhliain [[1944]] taréis ionradh na gcomhghuaillithe ar "[[D Day|D-Day]]", bhí an Fhrainc saor arís. Go luath ina dhiaidh sin búnaíodh an Nouvelle Armée Française ("Arm Nua na Fraince") le cabhair na gcomhghuaillithe agus lean siad ag troid go dtí deireadh an Chogaidh.
 
Bunaíodh Ceathrú Poblacht na Fraince i ndiaidh an Chogaidh. Faoi mar a bhí ag deireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda bhí sé deacair don tír ar dtús báire, ach taréis tamaill bhí sí cumhachtach arís. Rinneadh iarracht a hImpireacht Cóilíneach a choimeád ach bhí trioblóid ag tósnú. Rinne an Fhrainc iarracht [[Vítneam]] a ath-thógaint ach theip uirthi agus cuireadh tús leis an [[An Chéad Chogadh Ind-Síneach|gCéad Chogadh Ind-Síneach]]. Chaill na Francaigh an cogadh sin ag [[Cath Dien Bien Phu]] sa bhliain [[1954]]. Díreach ina dhiaidh sin, bhris [[Cogadh na Saoirse san Ailgéir]] amach san [[An Ailgéir|Ailgéir]].