An difríocht idir athruithe ar: "An Airméinis"

Content deleted Content added
m Bot: Fixing redirects
No edit summary
Líne 15:
 
Cibé scéal é, ba faoi bhrú na Tuircise Airméanaí seo a tháinig an caighdeán nua-aimseartha ar an bhfód, de réir chosúlachta. Tuigeadh do na hintleachtóirí Airméanacha go raibh géarghá le caighdeán nua le todhchaí na teanga a chinntiú. Mar sin, d'fhorbair dhá chineál Nua-Airméinise sa naoú haois déag - an leagan Iartharach agus an leagan Oirthearach. Bhí an caighdeán Iartharach in úsáid ag Airméanaigh na Tuirce, ach le linn an chéad chogadh domhanda, rinne na Tuircigh [[Cinedhíothú na nAirméanach|cinedhíothú]] orthu. Iad siúd a tháinig slán as an bhfaopach seo, chuir siad fúthu sna tíortha eile ar nós na [[An Liobáin|Liobáine]], na [[An tSír|Síre]], na [[An Bhulgáir|Bulgáire]], na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]], [[Ceanada|Cheanada]] agus go leor áiteanna eile. Sin é an fáth go bhfuil an chuid is mó de na pobail diaspóra ag baint úsáide as an gcanúint Iartharach agus as an gcaighdeán Iartharach.
[[Íomhá:Yerkatagir.jpg|mion|clé|Seanleabhar in Airméinis]]
 
San Airméin féin, is é sin, i bPoblacht iar-Shóivéadach na hAirméine, a labhraítear an chanúint Oirthearach den teanga. Cuireadh simpliúcháin áirithe i bhfeidhm ar cheartlitriú na teanga sna blianta Sóivéadacha, ach níor ghlac na pobail diaspóra leis na hathruithe seo ina gcuid scríbhneoireachta féin. Labhraíonn Airméanaigh na hIaráine an chanúint Oirthearach chomh maith, ach má labhraíonn, is é an seanlitriú a úsáideann siad i gcónaí.