An difríocht idir athruithe ar: "Calvert Vaux"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ailtire agus ailtire tírdhreacha Biotanach-Mheiriceánach ab ea '''Calvert Vaux''' (20 Nollaig 1824 – 19 Samhain 1895). I Londain a rugadh é. Ri...' |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:CVaux.jpg|mion|Calvert Vaux]]
Ailtire agus ailtire tírdhreacha Biotanach-Mheiriceánach ab ea '''Calvert Vaux''' ([[20 Nollaig]] [[1824]] – [[19 Samhain]] [[1895]]). I [[Londain]] a rugadh é. Rinne sé a phrintíseacht ailtireachta ansin faoi Lewis Nockalls Cottingham, a bhí chun tosaigh san [[Athbheochan Ghotach]]. D'oibrigh sé ansin go dtí go raibh sé 26 bliana d'aois. Sa bhliain 1851 thug sé aghaidh ar [[Newburgh, Nua-Eabhrac]] chun oibriú le gnólacht ailtireachta agus deartha ansin.
Dhear Vaux roinnt mhaith páirceanna sna Stáit Aontaithe i dtréimhse a raibh fás mór uirbeach sa tír úd. Sa bhliain 1865, chuir sé comhlacht nua, Olmstead, Vaux and Company, ar siúl in éineacht lena chomhpháirtí sóisearach [[Frederick Law Olmsted]]. Leag siad amach [[Páirc Prospect]] agus Fort Greene Park in [[Brooklyn]] agus Morningside Park in Manhattan. Aithnítear thar aon ní eile iad, áfach, as [[Central Park]].
Sa bhliain 1895, agus eisean ar cuairt ar mhac leis, bádh é i dtimpiste i mBá Gravesend, i mBrooklyn. Tá sé curtha in [[Kingston, Nua-Eabhrac]].
==Naisc scheachtracha==
|