An difríocht idir athruithe ar: "Calvert Vaux"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:CVaux.jpg|mion|Calvert Vaux]]
Ailtire agus ailtire tírdhreacha Biotanach-Mheiriceánach ab ea '''Calvert Vaux''' ([[20 Nollaig]] [[1824]] – [[19 Samhain]] [[1895]]). I [[Londain]] a rugadh é. Rinne sé a phrintíseacht ailtireachta ansin faoi Lewis Nockalls Cottingham, a bhí chun tosaigh san [[Athbheochan Ghotach]]. D'oibrigh sé ansin go dtí go raibh sé 26 bliana d'aois. Sa bhliain 1851 thug sé aghaidh ar [[Newburgh, Nua-Eabhrac]] chun oibriú le gnólacht ailtireachta agus deartha ansin faoi Andrew Jackson Downing.
 
Dhear Vaux roinnt mhaith páirceanna sna Stáit Aontaithe i dtréimhse a raibh fás mór uirbeach ar siúl sa tír úd. Sa bhliain 1865, chuir sé comhlacht nua, Olmstead, Vaux and Company, ar bun in éineacht lena chomhpháirtí sóisearach [[Frederick Law Olmsted]]. Leag siad amach [[Páirc Prospect]] agus Fort Greene Park in [[Brooklyn]] agus Morningside Park in Manhattan. Aithnítear thar aon ní eile iad, áfach, as [[Central Park]].
 
Sa bhliain 1895, agus eisean ar cuairt ar mhac leis, bádh é i dtimpiste i mBá Gravesend, i mBrooklyn. Tá sé curtha in [[Kingston, Nua-Eabhrac]].
 
==Tagairtí==
;Foinsí
* Kowsky, Francis R., ''Country, Park & City: The Architecture and Life of Calvert Vaux'', [[Oxford University Press]], ua-Eabhrac 1998; ISBN 0-19-511495-7
* Rosenzweig, Roy, and Elizabeth Blackmar. ''The Park and the People: A History of Central Park.'' Ithaca, NY: Cornell University Press, 1992. ISBN 0-8014-9751-5.
 
==Naisc scheachtracha==
*[http://www.fredericklawolmsted.com/calvert_vaux.htm Beathaisnéis Vaux, arna rochtain ar 14 Meith. 2016]
*[http://www.calvertvaux.org/ Calvert Vaux Preservation trustAlliance, arna rochtain ar 14 Meith. 2016]
 
{{síol}}