An difríocht idir athruithe ar: "Teamhair"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Suíomh fíorthábhacthach seandálaíoch agus stairiúil is ea '''Teamhair''' nó '''Teamhair na Rí''' in aice [[An Bhóinn|Abhainn na Bóinne]] idir [[An Uaimh]] agus [[Dún Seachlainn]] i g[[Contae na Mí]], [[Éire]]. De réir traidisiún, b'ann a bhí áit cónaithe [[Ard-Rí na hÉireann|Ard Ríthe na hÉireann]] san am atá caite. Tá fainaisefianaise ann go raibh an láthair á húsáid mar ionad deasghnách creidimh ón Chlochaois go dtí gur tháinig an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] go hÉirinn. I measc na n-iarsmaí atá le feiceáil ar an láthair sa lá atá inniu ann tá:
[[Íomhá:Tara stone.jpg|thumb|220px|[[Lia Fáil]] ar Teamhair na Rí]]
 
* ''Ráth na Ríogh'': dún 318 méadar ar fhad faoi 264 méadar ar leithead, mar a bhfuil Teach Chormaic agus an Forradh (an chathaoir ríoga). Tá gallán i lár an Fhorraidh ar a dtugtar [[Lia Fáil]] agus de réir an tseanchais ba ann a insealbhaíodh an t-ardrí. taobhTaobh ó thuaidh den ráth tá seantuama ón Chlochaois ar a dtugtar Dumha na nGiall.
 
* ''Ráith na Seanadh'': ionad tionóil a bhí anseo de réir an tseanchais. Fuarthas déantáin Rómhánacha ann ón 1ú-3ú haois.
 
* ''Ráth Laoghaoire'': deirtear go bhfuil an rí [[Laoghaire]], an rí págánach deireanach a aithníodh mar ardrí ar Éirinn, curtha anseo.
 
* ''Ráth Méabha'': ainmnithe ó bhanríon chlúiteach Chonnachta ([[Táin Bó Cuailgne]] nó Medb Lethdherg, pearsa miotasach nach bhfuil an oiread céanna aithne uirthi.