An difríocht idir athruithe ar: "Dara Cogadh na mBórach"

m (Removing Link GA template (handled by wikidata))
Ghlac na Bóraigh leis an iarracht sin - "Ruathar Jameson", ainmnithe as [[Leander Starr Jameson]] - mar thús le cogadh. Thosaigh Paul Kruger (Uachtarán an tSaorstáit Oráistigh) agus Martinus Theunis Steyn ag déanamh téisclime don chogadh sin, nó i dtús na bliana 1896, d'ordaigh siad raidhfilí ''Mauser'' le haghaidh a n-airm. San am céanna, bhí Impireacht na Breataine Móire go léir ag dul chun cogúlachta, agus ceannairí na gcoilíneachtaí go léir ag éileamh go nascghabhfaí na poblachtaí neamhspleácha Bóracha.
 
Chuaigh Gobharnóir Choilíneacht na Rinne, Sior Alfred Milner, i ndáil chomhairle leis an mbeirt Uachtarán Bórach i mBloemfonteinm[[Bloemfontein]] i ndeireadh Mhí Bealtaine 1899. Bhí Paul Kruger sásta a lán a ghéilleadh do na Sasanaigh leis an gcogadh a sheachaint, ach ní raibh gar ann. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna go gasta. I Mí Mheán Fómhair, chuir Joseph Chamberlain, Rúnaí Coilíneach na Breataine Móire (is é sin, an t-aire rialtais a bhí freagrach as cúrsaí na gcoilíneachtaí) fógra deiridh chuig na hUachtaráin ag éileamh cearta iomlána saoránachta do na Briotanaigh i bPoblacht Transvaal.
 
Tuigeadh do Kruger nach seachnófaí an cogadh a thuilleadh. Chuir sé a fhógra deiridh féin chuig Chamberlain ina ndúirt sé go mbeadh dhá lá ag an mBreatain Mhór a cuid trúpaí a tharraingt siar ó theorainneacha Phoblacht Transvaal, agus mura dtarraingeodh, rachadh an dá phoblacht Bhóracha chun cogaidh.
22,328

edits