An difríocht idir athruithe ar: "Jeanne d'Arc"

Content deleted Content added
Ag baint Flag_of_Free_France_1940-1944.svg amach, agus ag chur Flag_of_Free_France_(1940-1944).svg isteach mar ionadúchán. (Scrios [[commons:User:CommonsDeli
Líne 101:
“Is deacair teacht ar chonclúidí críochnaitheacha ach ní dócha go raibh eitinn fhorleathan, galar tromchúiseach, ag gabháil don ‘othar’ seo; dá mbeadh galar den sórt sin ag gabháil di, is cinnte go mbeadh uirthi stíl dhifriúil mhaireachtála a bheith aici ná mar a bhí agus ní bheadh sí in ann tabhairt faoi na gníomhaíochtaí ina raibh sí páirteach.”
 
Tá teoiric eile den nós sin ann a dhearbhaigh gur tholg sí eitinn bhuaibheach tar éis di bainne nach raibh paistéartha a ól. Mar fhreagairt air seo, scríobh Régine Pernoud, staraí, gur chóir do Rialtas na Fraince bac a chur le paistéaradh bainne dá mbeadh tairbhí dá leithéid le baint ag an náisiún as bainne nach raibh paistéartha. Is é a deir Ralph Hoffman, ollamh síceolaíochta in [[Ollscoil Yale]], maidir le staideanna físeacha nó cruthaitheacha - lena n-áirítear glórtha a bheith á gcloisteáil – nach gá gur comharthaí de ghalar intinne iad. Ní luann sé aon chúiseanna eile leis na staideanna seo áfach. Dúirt sé gur féidir gurb eisceacht í inspioráid reiligiúnach Jeanne.
 
Ba dheacair muinín a bheith ag duine as teoiric a dhearbhódh go raibh scitsifréine ag gabháil di dá gcuirfí san áireamh nár dhócha go mbeadh mórán measa ar aon duine a mbeadh an galar sin ag gabháil dó i gcúirt [[Séarlas VII na Fraince|Rí Shéarlas VII]]. Charles le Fou (Séarlas, an Ghealt) an leasainm a bhí ar a athair féin, [[Séarlas VI]]. Bhíodh babhtaí gealtachta aige siúd agus in amanna bhíodh folús cumhachta sa Fhrainc dá bharr. Ba é seo ba chúis le cuid mhór den mheath míleata agus polaitiúil a tháinig ar an tír le linn a réimis. Chreid an rí roimhe sin gur déanta as gloine a bhí sé. Bhí a fhios ag gach cúirteoir nárbh í inspioráid reiligiúnach ba chúis leis an mearbhall seo. Bhíothas eaglach go mbeadh na babhtaí gealtachta céanna ag Rí Shéarlas VII agus b’fhéidir gur bhain an eagla seo le hábhar san iarracht a rinneadh in Troyes chun é a chur as oidhreacht. Bhí an stiogma seo chomh dianseasmhach sin gur cheap daoine den ghlúin a tháinig ina dhiaidh sin gurbh í an ghealtacht a bhí ann ó dhúchas ba chúis leis an gcliseadh néarógach a d’fhulaing [[Anraí VI Shasana|Anraí VI]], Rí Shasana, sa bhliain 1453. Ba nia le Séarlas VII é Anraí VI agus ba gharmhac le Séarlas VI é. Nuair a shroich sí Chinon, ba é a d’fhógair Jacques Gélu, an comhairleoir ríoga, ná: