An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid:Lárionad comhphobail"

Content deleted Content added
Líne 85:
 
--[[Úsáideoir:Caoimhin|Caoimhin]] ([[Plé úsáideora:Caoimhin|talk]]) 13:41, 3 Iúil 2016 (UTC)
 
:Go raibh maith agat as an eolas seo, a Chaoimhín. Cuirim a lán ama amú ag ceartú DEFAULTSORT nó á chur isteach. Feicim go mbíonn ainmneacha daoine rangaithe ar an Uicipeid de réir chéad ainm na ndaoine: Tá Ernest Rutherford i gcatagóirí faoi 'E', mar shampla, agus Akira Suzuki faoi 'A'. Faoi 'R' agus 'S' atá siad anseo. Níl fadhb agamsa leis sin ach bheadh sé orainn is dócha éirí as nósanna fuadracha áirithe anseo: Akira Suzuki a scríobh mar Suzuki Akira, an ord sa tSeapáinis (agus mar sin de le hainmneacha in Íoslainnis, Sínis agus (b'fhéidir) Ungáiris. Sampla eile: Kim Il-sung. Ní thuigim cad é an cur chuige le hainmneacha tíortha agus a léithéid. Conas a chuirtear 'an Tuirc' faoi 't'? An bhfuil sibh ag baint úsáide as DEFAULTSORT leo go fóill? [[Úsáideoir:SeoMac|SeoMac]] ([[Plé úsáideora:SeoMac|talk]]) 04:35, 4 Iúil 2016 (UTC)
 
Bheadh DEFAULTSORT úsáideach go fóill, chun ‘an Tuirc’ a chur faoi ‘t’ mar a dúirt tú, agus baineamaid úsáid as go fóill sa Uicipeid. Ach ní bheadh gá le DEFAULTSORT chun ‘Óman’ a chur faoi ‘o’, in áit é a bheith ag deireadh na h-aibítre mar atá faoi láithair i [[:Catagóir:Ballstáit_na_Náisiún_Aontaithe]]. Sa mhórchuid de na h-altanna ní bheadh DEFAULTSORT de dhíth.
 
Ceist eile fá leith is ea ceist ord na n-ainmneacha pearsanta. Creidim féin go n-oireann ord na n-ainmeacha baiste i bhfad níos fear do na h-ainmneacha Gaelacha. Seachnaíonn sé na deacrachtaí le na sloinnte leithéid: ar chóir ‘Colm Mac Confhaola’ a bheith faoi ‘Mac’ no faoi ‘Confhaola’? ar chóir ‘Donach de Róiste’ a bheith faoi ‘de’ nó faoi ‘Róiste’? ar chóir ‘Éilís Ní Dhuibhne’ a bheith faoi ‘Ní’ nó faoi ‘Dhuibhne’ nó faoi ‘Duibhne’? ar chóir ‘Dómhnall Ruadh Mac an tSaoir’ (Dòmhnall Ruadh Phàislig) a bheith faoi ‘Ruadh’ nó ‘Mac’ nó ‘Saor’ nó ‘Saoir’? ar chóir ‘Màiri Mhór nan Òran’ (Màiri Nic a’ Phearsain) a bheith faoi ‘Mór’ nó ‘Mhór’ nó ‘Nic’ nó ‘Pearsan’ nó ‘Phearsain’? Ach tá mé sásta glacadh le ord na sloinntí sna catagóirí ina bhfuil na h-ainmneacha Gaelacha ina mionlach. Ní gá an t-ord céanna a bheith i réim i ngach catagóir. Is féidir gan bacadh le DEFAULTSORT agus an t-ordainm a sgríobh i ndiaidh an chatagóir mar seo:
<pre>
[[Catagóir:Filí|Mac an tSaor, Dómhnall]]
[[Catagóir:Filíocht na Gaeilge]]
</pre>
agus san dóigh sin beidh an t-alt faoi ‘Mac’ sa chatagóir ‘Filí’ agus beidh sé faoi ‘Dómhnall’ sa chatagóir ‘Filíocht na Gaeilge’. Níl an cheist seo fá ord na n-ainmneacha pearsanta réitithe againn sa Uicipeid - tá praiseach againn go fóill. Agus tá sé níos fearr, creidim, gan an cheist beagáinín achrannach seo fá na h-ainmneacha pearsanta a meascú leis an cheist fá wgCategoryCollation, atá iontach simplí creidim. Ceisteanna fá leith is ea iad.
 
--[[Úsáideoir:Caoimhin|Caoimhin]] ([[Plé úsáideora:Caoimhin|talk]]) 09:49, 4 Iúil 2016 (UTC)