Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

no edit summary
[[Íomhá:Neutrophil_with_anthrax_copy.jpg|deas|250px|thumb|Córas imdhíonach]]
An córas inmheánach sa cholainn dhaonna a dhéanann í a chosaint. Nuair a dhéanann [[Baictéar|baictéir]] nó [[Víreas|víris]] ionradh ar an gcolainn, tagann cealla bána na [[Fuil|fola]] timpeall orthu, ag cruthú [[antashubstaintí]] ar leith chun iad a ionsaí. Déanann na cealla bána na hionraitheoirí ón taobh amuigh neamhurchóideach, nó daingníonn iad go n-itheann siad amach is amach iad. Fanann na hantashubstaintí seo sa cholainn le blianta tar éis ionradh baictéar nó víreas, ionas go mbíonn an cholainn réidh tuilleadh antashubstaintí a chruthú mar chosaint i gcoinne an ghalair sin agus fiú é a sheachaint, b'fhéidir ar feadh saol duine. Tá galair víreasacha áirithe ann, áfach, [[SEIF]] mar shampla, a mhilleann na cealla gníomhacha sa chóras imdhíonach agus a fhágann an cholainn gan chosaint i gcoinne a lán [[galar tógálach]] is ceall ailseach. Is é atá i gceist nuair a imdhíontar an cholainn le vacsaín de ghalar ná an cholainn a spreagadh chun antashubstaintí ar leith a chruthú le cealla neamhurchóideacha den ghalar sin. Fanann na hantashubstaintí seo sa bhfuil ar feadh na mblianta mar chosaint i gcoinne an drochghalair sin.
 
27,577

edits