An difríocht idir athruithe ar: "Apia"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'mion|Apia Is é '''Apia''' príomhchathair Shamó, san Aigéan Ciúin, agus an chathair is mó sa tír. Tá Ap...'
 
No edit summary
Líne 4:
Bhí baile beag ann ina raibh cónaí ar bheagán breis agus 300 duine sular chéad tháinig na cumhachtaí [[An Eoraip|Eorpacha]] ar an láthair. Chuaigh na [[An Ríocht Aontaithe|Briotanaigh]], na [[An Ghearmáin|Gearmánaigh]] agus na [[Na Stáit Aontaithe|Meiriceánaigh]] i gcoimhlint agus gach dream acu ag iarraidh smacht fháil dóibh féin ar Shamó. Sa bhliain 1889, bhí 7 long de chuid na trí thír sin sa chuan ag Apia, agus cogadh ar tí pléascadh, nuair a tháinig anfa aniar aduaidh orthu. Chuaigh 6 cinn de na long go tóin an farraige agus 200 mairnéalach Gearmánacha agus Meiriceánacha básaithe. I ndeireadh na dála, d'éirigh leis na Gearmánaigh an dul i gcumhacht ar Shamó.
 
Apia a bhí mar phríomhchathair ar Shamó na nGearmánach ó 1900 go 1914. Lean Apia mar phríomhchathair faoi na [[An Nua-Shéalainn|Nua-Shéalannaigh]] ó 1914 go 1962, bliain ar bhain na Samóigh a neamhspleáchas amach. Sa bhliain 19181929 mharaigh na Nua-Shéalannaigh deichniúr le linn léirsiú síochánta, taoiseach Samóch ina measc. Chuir na Nua-Shéalannaigh piléar ina droim agus é ag iarraidh oird agus ciúnais a chothú. "Black Saturday" a thugtar ar an mí-eachtra. Ghabh Helen Clarke, príomh-aire na Nua-Shéalainne, leithscéal oifigiúil as an tragóid sa bhliain 20042002. Choimeád na Samóigh a bpríomhchathair in Apia i ndiaidh an neamhspleáchais.
 
{{síol}}