An difríocht idir athruithe ar: "Angiospermae"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:תל אביב Tel Aviv-Yafo (89).JPG|mion|Planda bláthach]]
Ceann den dá roinn [[Planda|plandaí]] is ea na '''planda bláthach''' nó '''Angiospermae'''. Is sainiúil an síol a bheith clúdaithe taobh istigh den [[ubhagán]], a bhfuil fadú speisialta aige, an [[stiogma]], chun an pailin a fháil. Déanann na gaiméití fireanna a tháirgeann an pailin an t-ubhán a dhéthoirchiú, chun síogóit a chruthú is sainfhíochán chun an síol a stóráil (an t-insíol) a dhéanamh. Fásann [[fíochán]] féitheach tánaisteach ó na cisil chaimbiacha, agus cuimsíonn cealla atá sainiúil do phlandaí bláfara: soithigh sa xiléim, cealla compánaigh sa bhflóéim. Cuimsíonn an grúpa plandaí seo na plandaí go léir ar bláth an t-orgán atáirgthe iontu. Na plandaí féitheacha is flúirsí ó thaobh uimhreacha is dáileadh ar [[An Domhan|Domhan]], timpeall 250,000 [[speiceas]] ann. Roinntear iad ina monachotailéadóin is ina [[Déchotailéadóin|ndéchotailéadóin]], agus ina dhiaidh sin ina n-oird is ina gclanna.