An difríocht idir athruithe ar: "William Brown (aimiréal)"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Guillermo Brown.png|deas|200px|thumb|William Brown]]
Ba aimiréal [[Gael-Airgintínigh|Gael-Airgintíneach]] é '''William Brown ''' ([[22 Meitheamh]] [[1777]] – [[3 Márta]] [[1809]]. '''Guillermo''' a thugtaí air uaireanta. Rugadh é i m[[Béal an Easa]], [[Contae Mhaigh Eo]], agus sa bhliain 1786 thug a theaghlach aghaidh ar [[Philadelphia]], sna [[SAM|Stáit Aontaithe]]. Go gairid ina dhiaidh fuair an duine a bhí ag cabhrú leo bás leis an bh[[fiabhras buí]] agus cailleadh athair William Brown den chúis chéanna. I ndiaidh na mblianta a chaitheamh leis an bhfarraige, chuir sé faoi sa bhliain 1809 in [[Montevideo]], agus in [[Buenos Aires]] na h[[An Airgintín|Airgintíne]] an bhliain ina dhiaidh.
 
Bhain sé stádas mar aimiréal amach i g[[cabhlach]] na hAirgintíne. Ghlac sé páirt i gcogadh an neamhspleáchais ón [[An Spáinn|Spáinn]] sa tír úd, sa chogadh leis an m[[An Bhrasaíl|Brasaíl]] agus i gcogaíocht chathartha san Airgintín.