An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"
Content deleted Content added
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
Truflais - "hook or crook" |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Oliver_Cromwell_by_Samuel_Cooper.jpg|thumb|right|200px|Oilibhéar Cromail]]
Polaiteoir agus saighdiúir [[Sasana]]ch ab ea '''Oilibhéar Cromail''', nó ''Cromail'' mar a thugtar air de ghnáth (as [[Béarla]], ''Oliver Cromwell''; [[25 Aibreán]] [[1599]] - [[3 Meán Fómhair]] [[1658]]). Rugadh é i Huntingdon i 1599 agus ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College a d'iompaigh sé ina Phiúratánach. Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640, agus bhí sí seo ar na Parlaimintí úd a rinne a ndícheall cumhacht an Rí a shrianadh. Baineadh a chumhacht den rí [[Séarlas I Shasana|Séarlas I]] agus ghlac an Pharlaimint seilbh ar chúrsaí airgid na ríochta. Bhris cogadh cathartha amach agus ba lena linn a thuill Cromail cáil mar cheannaire míleata. D'éirigh go hiontach leis i gCath Marston Moor lena mharcshlua, ar ar tugadh 'Roundheads' <ref>http://dictionary.reference.com/search?r=2&q=Roundheads</ref> nó 'Ironsides' <ref>http://dictionary.reference.com/browse/ironsides</ref> mar leasainm ar Chromail féin nó ar a shaighdiúirí. Cloíodh arm an rí faoi dheireadh ag Cath Naseby i 1645, agus bhí an-tionchar ag Cromail ar na hidirbheartaíochtaí a lean é. Ní raibh muinín ag cuid mhór daoine as áfach agus bhris cogadh amach arís. Ruaig Cromail 110 ball ón bParlaimint agus bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata. Rinne sé ionradh ar Albain
Bhí tionchar mór ag [[Cogadh Cathartha Shasana]] ar Éirinn i rith na [[1640í]]. Ghlac na plandóirí taobh na Parlaiminte ach bhí na Gaeil agus na Gall-Ghaeil ag tacú leis an rí. Buaileadh taobh an rí ar deireadh, agus cuireadh an [[Séarlas I Shasana|Rí Séarlas I Shasana]], chun báis ar [[30 Eanáir]] [[1649]]. Tháinig Cromail go hÉirinn ar [[15 Lúnasa]] [[1649]] mar rialóir míleata agus sibhialta na Parlaiminte le smacht a chur ar an tír. Cuimhnítear air go háirithe mar gheall ar an slad a rinne sé i n[[Droichead Átha]] ar [[11 Meán Fómhair]] [[1649]] agus i mbaile [[Loch Garman]] ar [[11 Deireadh Fómhair]] [[1649]]. Tar éis do [[Cill Chainnigh|Chill Chainnigh]] géilleadh dó ar [[27 Márta]] [[1650]], d'fhág Cromail an tír ar [[25 Bealtaine]] [[1650]].
Ina dhiaidh sin, lean == An Feachtas in Éirinn ==
Line 14 ⟶ 16:
Ghéill mórán bailte móra, ach theip ar Chromail [[Port Láirge]] a ghabháil, agus chaill sé suas le 2,000 fear sa troid ag [[Cluain Meala]] i Mí Bealtaine, 1650, sular ghéill an baile mór.<ref name="autogenerated4">Kenyon & Ohlmeyer, lch.100.</ref> Ní raibh garastún Dhroichead Átha (a bhí faoi cheannas an tSasanaigh Chaitlicigh Arthur Aston) sásta géilleadh, agus nuair a gabhadh an áit faoi dheireadh tar éis ionsaí trom le gunnaí móra maraíodh beagnach 3,500 duine ar na sráideanna. I nDeireadh Fómhair 1649 tharla sléacht eile i [[Loch Garman]], cé go raibh Cromail ag iarraidh socrú a dhéanamh ag an am. <ref>Fraser, Antonia (1973). ''Cromwell, Our Chief of Men,'' agus ''Cromwell: the Lord Protector'' (Phoenix Press), ISBN 0-7538-1331-9 lgh344-46.</ref>
Lean an troid go ceann beagnach trí bliana tar éis do Chromail imeacht ar 16 Bealtaine 1650. Ghéill [[Gaillimh]] i Mí Aibreán 1652, agus ghéill na saighdiúirí deireanacha Caitliceacha i Mí Aibreán 1653. Coisceadh cleachtadh an Chaitliceachais agus má rugadh ar shagart cuireadh chun báis ar an bpointe é; meastar gur cuireadh timpeall 12,000 duine chun na nIndiacha Thiar mar sclábhaithe. Tugadh iarracht ar Caitlicigh nár d’aicme na
== Tagairtí ==
|