An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"

no edit summary
== Na Teangacha ==
 
Is í an t[[An tSínis|Sínis]] an [[teanga (cumarsáid)|teanga]] is mó a labhraítear sa Téaváin inniu, ach ar ndóigh, ní aon teanga amháin í. Úsáideann na Téavánaigh leagan den [[An Mhandairínis|Mhandairínis]] mar theanga chaighdeánach, cosúil le muintir na mórthíre, ach ní bhíonn an Mhandairínis ó dhúchas acu. An chuid is mó acu, labhraíonn siad an teanga ar a dtugtar "Téaváinis" (a dtugtar [[Hoclais na Téaváine]] urthi chomh maith) go minic. Leagan den chanúint ''Min Nan'' atá ann go bunúsach - canúint a labhraítear i ndeisceart Chúige Fujian sa mhórthír freisin. Is minic a dhearctar ar chainteoirí na canúna seo mar ghrúpa eitneach ar leith, dream ar a dtugtar ''Hoklo''. Thairis sin, tá an chanúint ''Hakka'' ag mionlach mór de na Téavánaigh, canúint a bhíonn á labhairt i bpobail bheaga scartha ar fud dheisceart na Síne.
 
Labhraítear teangacha Formósacha sa Téaváin chomh maith - teangacha beaga a bhfuil gaol acu leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha, cosúil leis [[an Tagálaigis]], [[an Indinéisis]], [[an Mhalaeis]] agus [[an Mhaorais]], mar shampla. Tá na teangacha Formósacha ag géilleadh don tSínis go géar gasta, áfach, agus cé go bhfuil rialtas na Téaváine ag iarraidh iad a athbheochan sna scoileanna inniu, ní féidir mórán athrú a aithint ar an gcuma atá ar an scéal.
129

edits