An difríocht idir athruithe ar: "An Béarla"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
[[File:EN English Language Symbol ISO 639-1 IETF Language Tag Icon.svg|thumb|EN ([[ISO 639]]-1)]]
 
Is [[teanga (cumarsáid)|teanga]] [[Teangacha Gearmáinice|Ghearmáinice]] é an '''Béarla''' nó an '''Sacs-Bhéarla''' atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na h[[Angail]] agus ag na [[Sacsanaigh]], treibheanna de bhunadh [[Teotanaigh|Teotanach]] a tháinig i dtír sa [[An Bhreatain Mhór|Bhreatain]] ag deireadh ré na [[An Róimh|Rómhánach]]. Bhí tionchar mór, freisin, ag an [[An Laidin|Laidin]] ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an [[An Fhraincis|Fhraincis]], an [[An Ghréigis|Ghréigis]] agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in [[Impireacht na Breataine Móire]].
 
Tá sé ar ceann de na teangacha is forleithne ar domhan inniu, agus labhraítear é mar phríomhtheanga sa [[an Bhreatain Mhór|Bhreatain Mhór]], san [[an Astráil|Astráil]], sa [[an Nua-Shéalainn|Nua-Shéalainn]], i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], sa chuid is mó de [[Ceanada|Cheanada]], in [[Éire|Éirinn]], agus ina lán iarchoilíneachtaí de chuid na Breataine Móire mar phríomhtheanga nó mar theanga chomhchumarsáide.