An difríocht idir athruithe ar: "Oriana Fallaci"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Iriseoir, scríbhneoir agus gníomhaí [[An Iodáil|Iodálach]] ab ea '''Oriana Fallaci''' ([[29 Meitheamh]] [[1929]] – [[15 Meán Fómhair]] [[2006]]). Páirtíneach a bhí in Fallaci agus í óg le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Gortaíodh go dona í le linn Sléacht Tlatelolco i [[Meicsiceo]] sa bhliain 1968. Scríobh sí go minic faoi chogaíocht agus réabhlóidí, agus thuill an iliomad agallamh a chuir sí ar cheannairí as gach cearn den domhan clú faoi leith di. Rugadh agus d'éag sí i bh[[Flórans]] na hIodáile.
 
Ar na hagallaimh fhada sa leabhar úd sin aici ''[[Interview with History]]'' tá agallaimh le [[Indira Gandhi]], [[Golda Meir]], [[Yasser Arafat]], [[Zulfikar Ali Bhutto]], [[Willy Brandt]], [[Mohammad Reza Pahlavi]] (seá na h[[An Iaráin|Iráine]]),[[Henry Kissinger]], an Uachtarán [[Nguyễn Văn Thiệu]] i Vítneam Theas agus an Ginearál Vítneamach Thuaidh [[Võ Nguyên Giáp]]. In ''[[Playboy]]'' a foilsíodh an t-agallamh le Kissinger, a scríobh ní ba dhéanaí gurbh é an comhrá ba thubaistí a rinne sé riamh le duine den phreas. Chuir sí agallamh ar [[Deng Xiaoping]], [[Lech Wałęsa]], [[Muammar Gaddafi]], [[Cayetana Fitz-James Stuart, 18ú Bantiarna Alban]], agus ar daoine eile nach iad.
 
I ndiaidh éirí as an iriseoireacht di, tharraing sí an spotsolas uirthi féin arís le sraith alt agus leabhar conspóideacha faoin [[Ioslam]], leabhair a cháin a lán daoine ach a fuair tacaíocht freisin.