An difríocht idir athruithe ar: "Wolfgang Borchert"

Content deleted Content added
m Rand +IV
Naisc ar na dátaí
Líne 1:
Áirítear '''Wolfgang Borchert''' ([[20 Bealtaine]] [[1921]], [[Hamburg]] - [[20 Samhain]] [[1947]], [[Basel]], [[an Eilvéis]]) ar duine de na scríbhneoirí móra i dtréimhse an chineál litríochta iarchogaidh ar a dtugtar [[Trümmerliteratur]], nó litríocht na bhfothrach, i stair litríochta na Gearmáine. Bhí a athair, Fritz Borchert, ina mhúinteoir bunscoile, agus bhain a mháthair, Hertha Borchert, amach cáil áirithe áitiúil ag cumadh filíochta i g[[Plattdeutsch|canúint an tuaiscirt]]. Thosaigh an mac ag scríobh dánta nuair a bhí sé cúig bliana déag, agus cuid acu á bhfoilsiú ar an nuachtán áitiúil, ''Hamburger Anzeiger''.
 
Go gairid roimh an gcogadh, rinneadh printiseach siopadóra leabhar de, ach níor fhan sé ansin, nó bhí a chroí sáite san amharclannaíocht. Chaith sé trí mhí ina aisteoir i [[Hannover]], ach ansin, tháinig an ghairm shlógtha, agus b'éigean dó troid ar an gcathéadan thoir, sa Rúis.