An difríocht idir athruithe ar: "An Téaváin"

Content deleted Content added
Yoxem (plé | dréachtaí)
No edit summary
mNo edit summary
Líne 14:
== Na Teangacha ==
 
Is í an t[[An tSínis|Sínis]] an [[teanga (cumarsáid)|teanga]] is mó a labhraítear sa Téaváin inniu, ach ar ndóigh, ní aon teanga amháin í. Úsáideann na Téavánaigh leagan den [[An Mhandairínis|Mhandairínis]] mar theanga chaighdeánach, cosúil le muintir na mórthíre, ach ní bhíonn an Mhandairínis ó dhúchas acu. An chuid is mó acu, labhraíonn siad an teanga ar a dtugtar "Téaváinis" (a dtugtar [[Hoclais na Téaváine]] urthiuirthi chomh maith) go minic. Leagan den chanúint ''Min Nan'' atá ann go bunúsach - canúint a labhraítear i ndeisceart Chúige Fujian sa mhórthír freisin. Is minic a dhearctar ar chainteoirí na canúna seo mar ghrúpa eitneach ar leith, dream ar a dtugtar ''Hoklo''. Thairis sin, tá an chanúint ''Hakka'' ag mionlach mór de na Téavánaigh, canúint a bhíonn á labhairt i bpobail bheaga scartha ar fud dheisceart na Síne.
 
Labhraítear teangacha Formósacha sa Téaváin chomh maith - teangacha beaga a bhfuil gaol acu leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha, cosúil leis [[an Tagálaigis]], [[an Indinéisis]], [[an Mhalaeis]] agus [[an Mhaorais]], mar shampla. Tá na teangacha Formósacha ag géilleadh don tSínis go géar gasta, áfach, agus cé go bhfuil rialtas na Téaváine ag iarraidh iad a athbheochan sna scoileanna inniu, ní féidir mórán athrú a aithint ar an gcuma atá ar an scéal.
Líne 32:
Ba iad na Portaingéalaigh a bhaist an t-ainm ''Formósa'' ar an oileán sa bhliain 1544, ach ba iad na hOllannaigh ba túisce a bhunaigh stáisiún trádála sa Téaváin, sa bhliain 1624. Thosaigh siad ag iompórtáil lucht oibre ó mhórthír na Síne, agus chuir a lán de na hoibrithe seo fúthu ansin go seasta. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh na [[An Spáinn|Spáinnigh]] i dtír i dtuaisceart an oileáin, agus d'fhorghabh siad an chuid den oileán ina bhfuil cathair Keelung inniu. Sa bhliain 1642, áfach, chuir na hOllannaigh agus a gcuid comhghuaillithe dúchasacha ruaigeadh ar na Spáinnigh as an oileán.
 
B'éigean do na hOllannaigh glanadh amach leo sa bhliain 1662, nuair a d'fhorghabh an t-aimiréal Síneach Koxinga é. San am seo, bhí na [[An Mhanchúir|Manchúraigh]] díreach ag cur deiridh le rítheaghlach Ming sa tSín, agus theastaigh ó Koxinga bunáit a chur ar bun sa Téaváin do lucht leanúna Ming. D'éirigh leis na Manchúraigh, áfach, oidhre deireanach an rítheaghlaigh a mharú. Mar sin, níor fhéad Koxinga ach stát neamhspleách a dhéanamh den Téaváin - Ríocht Tungning, mar a thugtaí air. Fuair Koxinga bás go gairid tar éis dó an stát a bhunú, ach mhair an ríocht go dtí an bhliain 1683, nuair a tháinig an tAimiréalt-Aimiréal Shi Lang ó Dheisceart [[Fujian]] le cabhlach mór cogaidh chun an t-oileán a ghabháil don tSín, a bhí á rialú ag rítheaghlach Manchúrach Qing anois. Ina dhiaidh sin féin, mhair na húdaráis Shíneacha go ceann i bhfad ag iarraidh na bundúchasaigh agus na foghlaithe mara san oileán a chloí, agus na Sínigh ón mórthír ag tonnadh isteach le cur fúthu sa Téaváin. Cosúil leis na hIndiaigh san [[An tIarthar Fiáin|Iarthar Fiáin]] bhí na bundúchasaigh ag cur ar a son in aghaidh na muintire isteach, agus bhí cathanna móra ann.
 
[[Íomhá:1896 map of Taiwan.png|mionsamhail|upright|Léarscáil ón mbliain 1896]]
Líne 39:
Sa bhliain 1885 rinneadh cúige inti féin den Téaváin - roimhe sin, ní raibh inti ach cuid de chúige Fujian. Sna sálaí ag an athrú stádais seo tháinig oibreacha móra forbartha, agus cuma nua-aimseartha á cur ar an Téaváin. Cuireadh seirbhísí poist ar bun san oileán, agus gearradh an chéad iarnród chomh maith.
 
Sna blianta 1894-5, áfach, chuir an tSín agus an tSeapáin cogadh ar a chéile, agus ba é toradh an chogaidh go ndeachaigh an Téaváin agus oileáin Penghu ó lámh na Síne go lámh na Seapáine. Iad siúd sa Téaváin ar rogha leo fanacht ina ngéillsinigh Shíneacha fágadh spás dhá bhliain acu lena gcuid maoine saolta san oileáin a dhíol agus cur fúthu ar an mórthír. Ní mó ná sásta a bhí na Téavánaigh leis an gconradh síochána seo - [[Conradh Shimonoseki]] - agus ar an 25 Bealtaine 1895, d'fhógair dornán statseirbhíseachstátseirbhíseach ardchéimíochta Síneacha poblacht den Téaváin le muintir an oileáin a spreagadh chun frithbheartaíochta in aghaidh na Seapánach. Chuir na Seapánaigh ceannairc na "bpoblachtánach" faoi chois le lámh láidir, agus níor mhair an phoblacht oiread is leathbhliain, nó tháinig deireadh léi i Mí Dheireadh Fómhair na bliana céanna. Ní raibh poblacht cheart ann ach an oiread: na státseirbhísigh a bhunaigh í, bhí siad ag iarraidh cumhacht Impire na Síne a athbhunú san oileán seachas neamhspleáchas a bhaint amach don Téaváin.
 
Bhí na Seapánaigh ag caitheamh go garbh gairgeach le muintir na Téaváine idir Shínigh agus bhundúchasaigh, ach ón taobh eile de ní féidir a rá gur tíorántacht gan mhaith a bhí idir lámhaibh acu. A mhalairt ar fad rinne siad a lán leis an oileán a thabhairt chun nua-aimsearthachta. Ghearr siad tuilleadh iarnród agus bóithre, agus d'fhorbair siad an córas scolaíochta. Chuir na Seapánaigh deireadh le sealgaireacht na gceann san oileán freisin. Bhí tionscal na ríse agus an tsiúcra ag dul i méadaíocht, agus sa bhliain 1939 bhí an Téaváin ar an seachtú táirgeoir siúcra ba mhó ar an domhan.
Líne 49:
Ar an 25 Deireadh Fómhair 1945 thug Cabhlach na Stát Aontaithe isteach trúpaí míleata Síneacha - is é sin, trúpaí de chuid Phoblacht na Síne - go Taipei (nó Taihoku, mar a thugadh na Seapánaigh ar an áit) le go bhféadfaidís glacadh le géilleadh na Seapáine go hoifigiúil ansin. Shínigh an Ginearál Rikichi Ando, a bhí i gceannas ar na fórsaí armtha Seapánacha san oileán agus a raibh freagracht air as riarachán uile an oileáin mar Ghobharnóir Ginearáil, shínigh sé an conradh ar a dtugtar an Ionstraim um Ghéilleadh na Seapáine. Ansin, chuaigh an t-údarás ab airde sa Téaváin ó lámh Ando go lámh an Ghinearáil Chen Yi. D'fhógair Chen Yi gurbh é sin Lá Athbhronnta na Téaváine, ach ba é an tátal na gComhghuaillithe go raibh an Téaváin agus Oileáin Penghu faoi fhorlámhas na Seapáine i gcónaí, cé go raibh na hoileáin forghafa go míleata ag na Sínigh. Níor athraigh an dearcadh ach sa bhliain 1953.
 
Tháinig sé chun solais go luath nach raibh muintir dhúchasach na Téaváine róshásta leis na míleataigh Shíneacha ón mórthír. Thairis sin, ní raibh róchuma ar na cúrsaí eacnamaíochta, agus na praghsanna ag dul i méadaíocht go géar gasta. Chaill rialtas Chen Yi gnaoi an phobail go sciobtha, agus i ndeireadh Mhí Feabhra 1947, d'éirigh ina chogadh dearg idir bunadh na Téaváine agus na saighdiúirí. Tháinig saighdiúirí ag coigistiú a cuid coigiltis ó sheanbhean a shaothraigh a cuid ag smuigleáil toitíní, agus chruinnigh na sluaite timpeall na háite ag caitheamh anuas ar na saighdiúirí. Ansin scaoil duine de na saighdiúirí urchar le rabhadh a thabhairt don tslua, ach má scaoil, mharaigh a phíléarphiléar duine dá raibh i láthair, rud a chuir muintir na Téaváine ar an daoraí ar fad. D'éirigh bunadh an oileáin in aghaidh na Síneach ón mórthír, ach má d'éirigh, ní raibh lucht na mórthíre i bhfad ag cur na ceannairce seo faoi chois. Maraíodh na mílte Téavánaigh, idir ghnáthcheannairceoirí agus lucht scothaicme.
 
Sa bhliain 1949, fuair na Cumannaigh an lámh in uachtar ar an mórthír, agus b'éigean do Chiang Kai-shek agus lucht a leanúna glanadh leo go dtí an Téaváin i ndeireadh na bliana céanna. Shocraigh dhá mhilliún duine ar fad de lucht leanúna Chiang fúthu san oileán. Chuir Chiang dlí an chogaidh i bhfeidhm ar an oileán, agus níor cuireadh an dlí sin as feidhm ach sa bhliain 1987. Idir an dá linn, áfach, baineadh úsáid fhairsing as na cumhachtaí éigeandála a bhronn an dlí ar na húdaráis, agus is iomaí easaontóirí a cuireadh chun báis nó a caitheadh i dtóin phríosúin. Ba í bagairt an Chumannachais an tsiocair leis an sceimhle seo, mar ba ghnách i ré an Chogaidh Fhuair.