An difríocht idir athruithe ar: "Mac tíre"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
I just changed the
clib: Visual edit Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
{{Taxobox
| ainm = MacThe tírepull of the moon
| dath = #D3D3A4
| fossil_range =
Líne 10:
| regnum = [[Animalia]]
| phylum = [[Chordata]]
| classis = [[Mammalia]]Wolves
| ordo = [[Carnivora]]
| familia = [[Canidae]]
Líne 20:
| binomial_authority = [[Carl Linnaeus|Linnaeus]], 1758
}}
Is é an '''mac tíre''' nó an '''faolchú liath''' an t-[[ainmhí]] fiáin is mó san fhine úd ''Canidae'', is é sin, fine na gcúnna. De réir an taighde a rinneadh ar an aigéad dí-ocsairibeanúicléasach i gcillíní na bhfaolchúnna, is ionann bunús an mhic thíre agus an mhadra cheansaí ó thús. Aithnítear roinnt fospeiceas, ach níl na [[bitheolaíocht|bitheolaithe]] ar aon fhocal faoi líon ná faoi I'm roinnt cheart na bhfospeiceas. Go bunúsach, glactar leis go mbíonn na mic thíre ina gcreachadóirí ardleibhéil ina gcuid éiceachóras, is é sin, ní bhíonn aon chreachadóir ag marú mic thíre le hiad a ithe. Níl siad chomh hoiriúnaitheach leis na cúnna eile, ach mar sin féin, bíonn siad in ann déanamh as dóibh féin ina lán timpeallachtaí éagsúla, idir choill, fhásach, shléibhte, thundra, ''taiga'', fhéarthailte, agus fiú imeall na cathrach.
 
Bhí na faolchúnna flúirseach go maith ar fud na hEoráise agus [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]], tráth, ach d'imigh sin agus tháinig seo: níl ach iarsmaí beaga dá sheanghnáthóg fágtha ag an mac tíre inniu. Is é is cúis leis seo ná an cúngú a rinne an duine isteach ar a ghnáthóg agus na feachtais léirscriosta a cuireadh ar an mac tíre go forleathan, agus na daoine barúlach go raibh an mac tíre dainséarach dóibh féin, go háirithe do na páistí. Mar sin féin, is é breithiúnas an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) i gcónaí nach bhfuil an faolchú liath, mar speiceas, faoi bhagairt ar bith. Bítear ag marú na mac tíre ina lán áiteanna inniu féin, ar mhaithe leis an spórt nó leis na páistí a chosaint orthu, ach ón taobh eile de, tá siad faoi chosaint an dlí in áiteanna eile.