An difríocht idir athruithe ar: "Golda Meir"

1,131 bytes added ,  4 bliana ó shin
no edit summary
(Leathanach cruthaithe le 'mion|Golda Meir Polaiteoir agus taidhleoir Iosraelach ab ea '''Golda Meir (Meyerson)''', a rugadh leis an ainm '''Golda Mabovitch'...')
 
Polaiteoir agus taidhleoir [[Iosrael]]ach ab ea '''Golda Meir (Meyerson)''', a rugadh leis an ainm '''Golda Mabovitch''' ([[3 Bealtaine]] [[1898]] – [[8 Nollaig]] [[1978]]). I g[[Cív]] na h[[An Úcráin|Úcráine]] a rugadh í, ach d'fhás sí aníos in [[Milwaukee, Wisconsin|Milwaukee]]. [[Wisconsin]], sna [[SAM|Stáit Aontaithe]]. Bhí saolghairm fhada pholaitiúil aici in [[Iosrael]]. Bhain sí amach an post mar 5ú príomh-aire na tíre, an chéad bhean i gceannas ar Iosrael agus an tríú bean ar domhan mar phríomh-aire ar thír ar bith. Thuill an stíl dhiongbháilte aici "an Bhean Iarainn" mar leasainm di.
 
==A saol==
Bhí a bua ceannasaíochta le feiceáil go hóg: Ina girseach bhunscoile in Milwaukee di, d'eagraigh sí imeacht bailithe airgid chun cuidiú le páistí téacsleabhair scoile a cheannach. I ndiaidh céim a bhaint ó Milwaukee State Normal School (Ollscoil Wisconsin–Milwaukee anois), d'oibrigh sí mar mhúinteoir sna scoileanna poiblí in Milwaukee. Fuair sí post sa Folks Schule Giúdaisen Milwaukee freisin, agus tháinig sí faoi anáil na gluaiseachta Siónaí. Phós sí Morris Meyerson (Myerson), sóisialaí. Sa bhliain 1921, thug an bheirt acu aghaidh ar an b[[An Phailistín|Pailistín]] mar ar chuir siad fúthu ar ''[[kibbutz]]''.
 
Mar aitheantas ar chumas eagraithe roghnaíodh Golda mar ionadaí an ''kibbutz'' chuig an Histadrut, an cumann lucht oibre in Iosrael. Nuair a d'iarr cumann eile a d'éirigh sí ina ball de uirthi dhá bhiain a chaitheamh ag obair dóibh i Meiriceá, chuaigh sí ann leis an mbeirt pháistí a bhí acu. D'fhan Morris in [[Iarúsailéim]], áfach, agus d'fhás siad amach ó chéile cé nách bhfuair siad colscaradh oifigiúil riamh. Fuair seisean bás sa bhliain 1951.
 
{{síol}}
23,956

edits