An difríocht idir athruithe ar: "Golda Meir"

no edit summary
[[Íomhá:Golda Meir 03265u.jpg|mion|Golda Meir]]
Polaiteoir agus taidhleoir [[Iosrael]]ach ab ea '''Golda Meir (Meyerson)''', a rugadh leis an ainm '''Golda Mabovitch''' ([[3 Bealtaine]] [[1898]] – [[8 Nollaig]] [[1978]]). I g[[Cív]] na h[[An Úcráin|Úcráine]] a rugadh í, ach d'fhás sí aníos in [[Milwaukee, Wisconsin|Milwaukee]]. [[Wisconsin]], sna [[SAM|Stáit Aontaithe]]. Bhí saolghairm fhada pholaitiúil aici in [[Iosrael]]. Bhain sí amach an post mar príomh-aire na tíre, an chéad bhean i gceannas ar Iosrael agus an tríú bean ar domhan mar phríomh-aire ar thír ar bith. Thuill an stíl dhiongbháilte aici "an Bhean Iarainn" mar leasainm di.
 
==A saol==
Mar aitheantas ar chumas eagraithe roghnaíodh Golda mar ionadaí an ''kibbutz'' chuig an Histadrut, an cumann lucht oibre in Iosrael. Nuair a d'iarr cumann eile a d'éirigh sí ina ball de uirthi dhá bhiain a chaitheamh ag obair dóibh i Meiriceá, chuaigh sí ann leis an mbeirt pháistí a bhí acu. D'fhan Morris in [[Iarúsailéim]], áfach, agus d'fhás siad amach ó chéile cé nách bhfuair siad colscaradh oifigiúil riamh. Fuair seisean bás sa bhliain 1951.
 
==A saol polaitíochtasa pholaitíocht==
Sa bhliain 1934 agus í ar ais ó na Stáit Aontaithe, ceapadh í mar bhall de choiste feidhmiúcháin an Histadrut agus de réir a chéile rinne sí a bealach suas trí na ranganna go raibh sí i gceannas ar Roinn na Polaitíochta, post tábhachtach di mar ullmhúchán don cheannasaíocht Iosraelach.<ref name=EJ>"Golda Meir", ''Encyclopaedia Judaica'', Keter, 1972, Jerusalem, vol. 11, pp. 1242–45</ref>
 
[[Íomhá:Golda Meir Moscow 1948.jpg|mion|Ar an gcéad lá de [[Rosh Hashannah]] sa bhliain 1948 thug Golda Meir cuairt ar shionagóg i [[Moscó]]. Chuir timpeall is 50,000 duine fáilte roimpi ag tabhairt aghaidhe go dána ar chumhacht [[Iósaf Stailín]].]]
 
Bhí sí ina príomh-aire ar Iosrael ó 17 Márta 1969 go 11 Aibreán 1974.
 
==Tagairtí==
23,956

edits