An difríocht idir athruithe ar: "Golda Meir"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Polaiteoir
|ainm =Golda Meir<br>גולדה מאיר
|íomhá =Golda Meir 03265u.jpg{{!}}200px
|teideal1 =Príomh-aire
|dátaí1 =[[17 Márta]] [[1969]] - [[11 Aibreán]] [[1974]]
|réamhtheachtaí1 =[[Yigal Allon]]
|comharba1 =[[Yitzhak Rabin]]
|dáta_breithe =[[3 Bealtaine]] [[1898]]
|áit_bhreithe =[[Cív]], [[An Úcráin]], [[Impireacht na Rúise]]
|dáta_báis =[[8 Nollaig]] [[1978]]
|áit_báisáit_bháis =[[Iarúsailéim]], [[Iosrael]]
|páirtí =
|síniú = Golda Meir Signature.svg‎
|}}
 
Polaiteoir agus taidhleoir [[Iosrael]]ach ab ea '''Golda Meir (Meyerson)''', a rugadh leis an ainm '''Golda Mabovitch''' ([[3 Bealtaine]] [[1898]] – [[8 Nollaig]] [[1978]]). I g[[Cív]] na h[[An Úcráin|Úcráine]] faoi [[Impireacht na Rúise]] a rugadh í, ach d'fhás sí aníos in [[Milwaukee, Wisconsin|Milwaukee]]. [[Wisconsin]], sna [[SAM|Stáit Aontaithe]]. Bhí saolghairm fhada pholaitiúil aici in [[Iosrael]]. Bhain sí amach an post mar 4ú príomh-aire na tíre, an chéad bhean i gceannas ar Iosrael agus an tríú bean ar domhan mar phríomh-aire ar thír ar bith. Thuill an stíl dhiongbháilte aici "an Bhean Iarainn" mar leasainm di.
 
==A saol==
Bhí a bua ceannasaíochta le feiceáil go hóg: Ina girseach bhunscoile in Milwaukee di, d'eagraigh sí imeacht bailithe airgid chun cuidiú le páistí a gcuid téacsleabhair scoile a cheannach. I ndiaidh céim a bhaint ó Milwaukee State Normal School (Ollscoil Wisconsin–Milwaukee anois), d'oibrigh sí mar mhúinteoir sna scoileanna poiblí in Milwaukee. Fuair sí post sa Folks Schule GiúdaisenGiúdaise in Milwaukee freisin, agus tháinig sí faoi anáil na gluaiseachta Siónaí. Phós sí Morris Meyerson (Myerson), sóisialaí. Sa bhliain 1921, thug an bheirt acu aghaidh ar an b[[An Phailistín|Pailistín]] mar ar chuir siad fúthu ar ''[[kibbutz]]''.
 
Mar aitheantas ar chumasa cumas eagraithe roghnaíodh Golda mar ionadaí an ''kibbutz'' chuig an Histadrut, an cumann lucht oibre mór in Iosrael. Nuair a d'iarr cumannCumann eile a d'éirigh sí ina ball de d'iarr sé uirthi dhá bhiain a chaitheamh ag obair dóibh i Meiriceá, agus chuaigh sí ann leis an mbeirt pháistí a bhí acu. D'fhan Morris in [[Iarúsailéim]], áfach, agus d'fhás siad amach ó chéile cé nách bhfuair siad colscaradh oifigiúil riamh. Fuair seisean bás sa bhliain 1951.
 
==A saol sa pholaitíocht==
Sa bhliain 1934 agus í ar ais ó na Stáit Aontaithe, ceapadh í mar bhall de choiste feidhmiúcháin an Histadrut agus de réir a chéile rinne sí a bealach suas trí na ranganna go raibh sí i gceannas ar Roinn na Polaitíochta, post tábhachtach di mar ullmhúchán don cheannasaíocht Iosraelach.<ref name=EJ>"Golda Meir", ''Encyclopaedia Judaica'', Keter, 1972, Jerusalem, vol. 11, pp. 1242–45</ref>
 
[[Íomhá:Golda Meir Moscow 1948.jpg|mion|Ar an gcéad lá de [[Rosh Hashannah]] sa bhliain 1948 thug Golda Meir cuairt ar shionagóg i [[Moscó]]. Chuir timpeall is 50,000 duine fáilte roimpi ag tabhairt aghaidhe go dána ar chumhacht [[Iósaf Stailín]].]]