An difríocht idir athruithe ar: "Golda Meir"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 23:
==A saol sa pholaitíocht==
Sa bhliain 1934 agus í ar ais ó na Stáit Aontaithe, ceapadh í mar bhall de choiste feidhmiúcháin an Histadrut agus de réir a chéile rinne sí a bealach suas trí na ranganna go raibh sí i gceannas ar Roinn na Polaitíochta, post tábhachtach di mar ullmhúchán don cheannasaíocht Iosraelach.<ref name=EJ>"Golda Meir", ''Encyclopaedia Judaica'', Keter, 1972, Jerusalem, vol. 11, pp. 1242–45</ref>
 
I Meitheamh na bliana 1946 rinne na Briotanaigh tréan-iarracht na Siónaigh sa Phalaistín a chur faoi chois agus chuir siad Moshe Sharett, a bhí i gceannas ar Roinn na Polaitíochta sa Ghníomhaíocht Ghiúdach sa limistéir úd, i bpríosún. Cuireadh Golda Meir an post sin, rud a d'fhág gurbh ise príomh-idirbheartaí na nGiúdach i leith údaráis Shainordú na Breataine sa Phalaistín. Nuair a scaoileadh Sharett saor, chuaigh sé go [[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]] i gcomhair na gcomhráití ag na [[Náisiúin Aontaithe]] faoi chríochdheighilt na Palaistíne. D'fhan Meir ina post ag an nGníomhaíocht Ghiúdach go dtí 1948 agus neamhspleáchas Iosrael bainte amach acu. <ref name=EJ/>
 
[[Íomhá:Golda Meir Moscow 1948.jpg|mion|Ar an gcéad lá de [[Rosh Hashannah]] sa bhliain 1948 thug Golda Meir cuairt ar shionagóg i [[Moscó]]. Chuir timpeall is 50,000 duine fáilte roimpi ag tabhairt aghaidhe go dána ar chumhacht [[Iósaf Stailín]].]]