An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Spáinne"

Content deleted Content added
Líne 3:
==Réamhrá==
Shroich na céad [[homainid|homainidí]] críoch [[An Spáinn|na Spáinne]] comhaimseartha thart ar 1.2 milliún bliain ó shin. Shocraigh roinnt speiceas, mar shampla ''[[Homo antecessor]]'', na réamh-[[Néandartálach|néandartálaigh]] ó [[Sima de los Huesos]] (arna sainaithint i dtosach mar ''[[Homo heidelbergensis]]'') agus na néandartálaigh (''Homo neanderthalensis'') a tharla go dtí thart ar 35,000 bliain ó shin, go dtí gur tháinig daoine nua-aimseartha (''[[Homo sapiens]]'') chun leithinis na hIbéire agus chuir siad na homainidí go léir a bhí ann go dtí sin as ait, cé gur mhair siad taobh lena chéile le beagnach 10,000 bliain. Mhair an pobal deireanach Néandartálach thart ar 27,000 bliain sa deisceart. Thar na mílte bliain eile shocraigh [[Ibéarach|Ibéaraigh]], [[Ceilteach|Ceiltigh]], [[An Fhéiníc|Féinícigh]], [[An Chartaig|Cartagaigh]], [[An Ghréig|Gréagaigh]] síos san áit agus thart ar 200 R.C. ghabháil Poblacht na Rómhánach an chríoch, agus déanadh [[Hispania Romana]] (an Spáinn Rómhánach) aisti. Tar éis titim na [[Impireacht na Róimhe|Róimhe]], bunaíodh [[Ríocht na Viseagotach]]. Thosaigh monarcacht na Viseagotach sa cúigiú haois agus mhair sí go dtí an t-ochtú haois luath.
Sa bhliain 711 d'ionsaigh na Múraigh, ó thuaisceart na hAifrice, an tír agus chuir siad an chéad concas Moslamach i bhfeidhm; i gceann cúpla bliain bhí an tIoslamachas i réim fud fad mór chuid na [[Leithinis na hIbéire|leithinise]]. Go ceann 750 bliain ar aghaidh, bheadh aithne ar an ríocht mar al-Ándalus (an Andalúis), agus i rith an ama sin, agus go leor den chuid eile den Eoraip san [[Ré Dhorcha]], bheadh borradh ilchultúrtha glórmhar, eolaíochta agus ealaíne san Andalúis.
 
Athghabhadh, go mall de réir a chéile na ríochtaí Críostaí ar ais ó na Múraigh. Thosaigh an athghabháil thart ar 722 AD, le éirí amach na Don Pelayo, agus ag tosú ón tuaisceart, baineadh a buaicphointe amach nuair a gabhadh [[Granada]] sa bhliain 1492. Le linn na tréimhse seo, forbraíodh na ríochtaí Críostaí thar cuimse; ligeadh an t-aontas idir an dá ríocht is tábhachtaí, [[an Chaistíl]] agus [[An Aragóin]], le cleamhnas [[Isabel I de Castilla|Isabella de Castilla]] agus [[Fernando II de Aragón|Fernando II na hAragóine]] sa bhliain 1469 athaontú na Spáinne agus críoch a chur leis an athghabháil nó Reconquista.
[[Catagóir :Stair na Spáinne| ]]