An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Spáinne"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 5:
Sa bhliain 711 d'ionsaigh na Múraigh, ó thuaisceart na hAfraice, an tír agus chuir siad an chéad concas Moslamach i bhfeidhm; i gceann cúpla bliain bhí an tIoslamachas i réim fud fad mór chuid na [[Leithinis na hIbéire|leithinise]]. Go ceann 750 bliain ar aghaidh, bheadh aithne ar an ríocht mar al-Ándalus (an Andalúis), agus i rith an ama sin, agus go leor den chuid eile den Eoraip san [[Ré Dhorcha]], bheadh borradh ilchultúrtha glórmhar, eolaíochta agus ealaíne san Andalúis.
 
[[An Athghabháil|Athghabhadh]], go mall de réir a chéile na ríochtaí Críostaí ar ais ó na Múraigh. Thosaigh an athghabháil thart ar 722 AD, le éirí amach na [[Don Pelayo]], agus ag tosú ón tuaisceart, baineadh a buaicphointe amach nuair a gabhadh [[Léigear Ghranada|Granada]] sa bhliain 1492. Le linn na tréimhse seo, forbraíodh na [[Na Monarcaí Caitliceacha|ríochtaí Críostaí]] thar cuimse; ligeadh an t-aontas idir an dá ríocht is tábhachtaí, [[an Chaistíl]] agus [[An Aragóin]], le cleamhnas [[Isabel I de Castilla|Isabella de Castilla]] agus [[Fernando II de Aragón|Fernando II na hAragóine]] sa bhliain 1469 athaontú na Spáinne agus críoch a chur leis an athghabháil nó Reconquista.
 
Sa bhliain [[1492]] mhaoinigh na monairc Chaitliceacha tionscadal [[Críostóir Colambas|Chríostóir Colambas]] dul sa tóir ar bhealach trádála nua chun na [[An Áise|hÁise]] tríd an [[An tAigéan Atlantach|Aigéan Atlantach]], agus d'fhógair siad [[díbirt na nGiúdach]]. Leis [[an tOileán Úr]] a shroicheadh, agus níos déanaí concas Mheiriceá cruthaíodh Impireacht na Spáinne. Le linn na gcéadta bliain ina dhiaidh sin bheadh an Spáinn ina príomhimreoir ar fud domhain an Iarthair agus an chéad cumhacht an uair úd. I rith an 16ú haois agus an 17ú haois bheadh freisin buaicphointe is mó de chultúr agus ealaín na Spáinne, a dtugtar 'Siglo de Oro' ( Ré Órga) uirthi.