An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Mac Murchadha"

Content deleted Content added
Nílim cinnte cé acu D Mac M C nó D Mac Mh C is cirte, agus táim ag fáigáil an ailt iomlán sa dá háit faoi láthair
Mahagaja (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Tháinig na [[Normanaigh]] go hÉireann sa bhliain 1169, tar éis do '''Dhiarmuid Mhic Mhurchadha Caomhánach''' cuireadh a thabhairt do rí Shasana agus na Normáine Annraí II teacht i gcúnamh air, mar go raibh aighneas idir é féin agus Tiarnán Ó Ruairc. Rugadh Diarmuid Mac Murchadha in 1110 AD agus toghadh é ina rí ar Chúige Laighin nuair a bhí sé bliana déag d'aois, ach ní raibh an tArdrí sásta leis agus chuir sé an Ruarcach go Cúige Laighin leis an ríocht a bhaint de. Bhí Mac Murchadha ag troid ar feadh na mblianta as sin amach agus d'éirigh leis a ríocht a athghabháil faoi dheireadh in 1133, agus bhí síocháin ina ríocht ar feadh na mblianta. Ach thosaigh an seanaighneas le Tiarnán Ó Ruairc arís agus chreach Diarmuid tailte Thiarnáin Uí Ruairc i 1152. Chuaigh Bean Uí Ruairc abhaile le rí caithréimeach Laighin agus mar gheall air sin lean an t-aighneas ar aghaidh. Díbríodh Diarmaid in 1166, agus theith sé chun na Breataine. Gheall sé go mbeadh an té a ghabhfadh a ríocht ar ais dó ina oidhre air agus thug sé saighdiúirí Normanacha leis abhaile chun a thailte a ghabháil ar ais. D'éirigh go seoigh leis na saighdiúirí [[Normanaigh|Normanacha]] faoi cheannas [[Strongbow]]. Ghabhadar [[Baile Átha Cliath]] agus pósadh Strongbow agus iníon Dhiarmada, Aoife. Ón am sin ar aghaidh, d'fhan an chumhacht Gallda in Éirinn, óir lean na Sasanaigh na Normanaigh i dtiarnas ar an b[[Páil]], agus ar deireadh ar an tír ar fad.
 
[[Rang:Stair na hÉireann]]