An difríocht idir athruithe ar: "An Tuirc"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 42:
|glaochód=90
|fonótaí=}}
[[Tír]] is ea í '''[[Poblacht]] na Tuirce''' (''Türkiye Cumhuriyeti'' as [[An Tuircis|Tuircis]]: ''Türkiye Cumhuriyeti'') a bhfuil 7seacht % dá hachar suite san [[An Eoraip|Eoraip]] agus 93 % de san [[An Áise|Áise]]. Is í [[Ankara|Ancara]] an phríomhchathair ach tá [[Iostanbúl]] ar an gcathair is mó. Tá an tír roinnte ina haon chúige is ceithre scór (''il'' a thugtar ar chúige as Tuircis, ''iller'' an uimhir iolra). I Mí Lúnasa 2006, measadh go raibh 70,413,958 duine ina gcónaí sa Tuirc. Cé go bhfuil an Tuircis ó dhúchas ag an gcuid is mó acu, tá mionlaigh mhóra eitneacha sa tír. Is iad na [[Cuirdínigh]] an dream eitneach is mó a bhfuil teanga agus nósanna dá gcuid féin acu, ach is deacair breithiúnas maith a thabhairt ar a gcéatadán, ós rud é nach gceadaíonn reachtaíocht na Tuirce go dtabharfaí aitheantas ar bith do na saindreamanna eitneacha sna daonáirimh. Is é oirdheisceart na tíre fód traidisiúnta dúchais na gCuirdíneach, ach chuaigh cuid mhór acu a chónaí in Iostanbúl nó go dtí na cathracha móra eile, ós rud é go bhfuil an t-atmaisféar níos liobrálaí iontu. Sna ceantair oirdheisceartacha, áfach, tá [[Arm na Tuirce]] ag cur catha ar na treallchogaithe Cuirdíneacha atá ar lorg neamhspleáchais. Fuair tríocha míle duine bás sa choimhlint seo ó na seachtóidí anuas, agus an daonra sibhialta go mór mór thíos leis an gcogadh seo.
 
Tá an Tuirc suite i réigiún a chuir a lán craiceann de ó thaobh na teanga agus an chultúir de i rith na gcéadta bliain. Bhí an Impireacht Bhiosántach agus an Impireacht Otamánach suite anseo. Ós rud é go bhfuil an Tuirc lonnaithe in áit chinniúnach idir an Eoraip agus an Áise, tá cultúr measctha aici ina dtagann traidisiúin an Iarthair agus an Oirthir le chéile. Is minic a deirtear gur droichead idir an dá thrá seo is ea í an Tuirc. Dá réir sin, tá tábhacht straitéiseach na Tuirce i súile na gcumhachtaí móra ag dul chun méadaíochta le fada.