An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge Mhanann"

no edit summary
Cé go bhfuil gaol dlúth ag an Manainnis leis na teangacha Q-Cheilteacha eile ([[Gaeilge]] agus [[Gàidhlig]]), tá an litriú bunaithe ar litriú an [[Béarla|Bhéarla]] agus na [[Breatnais]]e.
 
== An Teangateanga Féinféin ==
=== An Litriúlitriú ===
Is é an litriú an difríocht is suntasaí idir an Mhanainnis agus an dá chineál Gaeilge eile. Tá córas litrithe na Manainnise bunaithe ar an Teagasc Críostaí a tháinig ó pheann Thomas Wilson agus a chuaigh i gcló sa bhliain 1707. Ina dhiaidh sin, rinneadh aithris ar an litriú seo i ngach leabhar a foilsíodh sa teanga.
 
Tá aon litir amháin in úsáid sa Mhanainnis inniu nach bhfeicfeá sa Bhéarla, mar atá, ç. Scríobhtar an t caol (nó "ch" an Bhéarla) mar /çh/ sa Mhanainnis, agus is ionann /ch/ na Manainnise agus "ch" na Gaeilge (agus na Gearmáinise, cuir i gcás). Tugadh an litir ç isteach an chéad uair i bhfoclóir áirithe ón mbliain 1866. Roimhe sin, is mar /ch/ a litrítí an dá rud.
 
=== An Fuaimniúfuaimniú ===
Murab ionann agus litriú an dá Ghaeilge eile ní thaispeánann litriú na Manainnise caolú agus leathnú na gconsan go róshoiléir - agus le fírinne, tháinig lagú mór ar an difríocht idir an dá chineál consan i bhfad sula ndeachaigh an teanga féin in éag, de réir gach cosúlachta. Scéal eile, áfach, go ndearna Wilson agus Phillips iarracht ionraic le litriú difriúil a chinntiú d'fhocail ar aon fhuaimniú le chéile nárbh ionann a mbrí ná a sanasaíocht.
 
Cosúil le Gaeilge na Mumhan, cuireann an Mhanainnis an bhéim ar an nguta fada sa dara siolla, go háirithe i bhfocail a tháinig isteach ón bhFraincis Normannach, ar nós ''danjeyr'' "contúirt, dainséar" nó ''pryssoon'' "príosún". Is féidir an cineál seo béime a aithint ar fhocail dhúchasacha freisin, áfach: sampla maith é ''jarrood'' "dearmad" (cf. "dearúd" i gcanúint na Mumhan).
 
SaAs BhéarlaBéarla, rinneadh [ei] den [a] fada i bhfocail ar nós ''hate'', ''mate'' agus araile (bhí [a:] le cloisteáil iontu i ré an Mheán-Bhéarla, ach inniu, is mar [heit] agus [meit] a fhuaimnítear iad). Tharla rud cosúil sa Mhanainnis, nuair a d'iompaigh an t-[a:] fada ina [æ:]. Chuaigh an t-athrú seo i bhfeidhm ar an [o:] freisin, nó rith an t-[a:] agus an t-[o:] ina chéile sa Mhanainnis. Mar shampla, is ionann ''caghlaa'' na Manainnise agus ''caochló'' Ghaeilge Uladh, is é sin, an leagan Ultach den fhocal "claochlú"; agus is don [æ:] a sheasann an t-''a'' dúbailte sa litriú Manainnise.
 
Tá fuaimniú na gconsan sách difriúil leis an dá Ghaeilge eile, uaireanta. Déantar [ð] (nó "th" an fhocail Bhéarla "this") den -d- idir dhá ghuta i bhfocail cosúil le ''claddagh'' "cladach", agus fágtar an -t ar lár san fhuaimniú i bhfocail ar nós ''boght'' [bαx] "bocht" nó ''noght'' [nαx] "anocht".
Má thagann an consan srónach i ndeireadh an fhocail, cloisfear ábhairín den phléascach homorgánach roimhe - is é sin, déanfar "trobm" de "trom" nó "badne" de "bán", go bunúsach. Ní bhíonn a leithéid le fáil sa dá chineál Gaeilge eile, ach spéisiúil go leor, bhí fuaimniú seo an chonsain shrónaigh i ndeireadh an fhocail coitianta i gcanúintí áirithe na Coirnise, nuair a bhí an teanga sin beo breabhsánta i gcónaí, rud is féidir a aithint ar na logainmneacha i gCorn na Breataine inniu féin.
 
=== An Ghramadachghramadach ===
Maidir leis an ngramadach, is léir go raibh cuid mhór de shaintréithre tipiciúla na gramadaí Gaelaí imithe as úsáid sa Mhanainnis i bhfad bhfad sula bhfuair [[Ned Maddrell]] bás - i bhfad sular saolaíodh é, fiú. Chuaigh an tuiseal ginideach in éag, chomh maith leis an saorbhriathar, an chopail agus an aidiacht shealbhach. B'é an tionchar láidir ón Lochlainnis ba chúis leis na forbairtí seo, mar a chreidtear inniu. Dá thoradh sin, áfach, bíonn an Mhanainnis - fiú an Mhanainnis "chlasaiceach" - an-chosúil le droch-Ghaeilge thipiciúil an Bhéarlóra. Ach ar ndóigh, tá gaol ag an mBéarla leis na teangacha Lochlannacha, agus dhéanfadh na Lochlannaigh dearmaid ghramadúla den chineál chéanna agus a dhéanann na Béarlóirí.
 
Úsáideoir gan ainm