An difríocht idir athruithe ar: "Teuvo Tulio"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 18:
Nuair a thosaigh Tugai ag stiúradh scannán, ghlac sé chuige an t-ainm Teuvo Tulio, a raibh blas ní b'Fhionlannaí air. An chéad scannán a stiúir sé, ba é an teideal a bhí air ná ''Taistelu Heikkilän talosta'', a bhí bunaithe ar scéal le Johannes Linnankoski, scríbhneoir Fionlannach a tharraing callán áirithe chomh hanghrách is a bhí a chuid saothar de réir chaighdeán na linne - mar sin bhí a chuid scéalta thar a bheith oiriúnach mar mhianach do scannáin le Tulio! Ba í Regina Linnanheimo a rinne an phríomhpháirt sa scannán seo chomh maith. D'athscannánaigh Tulio an scéal sa bhliain 1947 faoin teideal ''Intohimon vallassa''. Ní féidir ach an dara scannán acu a fheiceáil inniu, nó chuaigh an t-aon chóip amháin de ''Taistelu Heikkilän talosta'' trí thine sa bhliain 1959, nuair a scrios dóiteán mór oifigí an chomhlachta scannánaíochta úd Adams-Filmi.
 
Ba é ''Nuorena nukkunut'' an chéad scannán eile le Tulio - sa bhliain 1937 a chríochnaigh sé é. Ba í Linnanheimo a rinne an príomhról arís, ach an iarracht seo bhí an scéal bunaithe ar shaothar scríbhneora eile seachas Linnankoski - ba é Frans Emil Sillanpää, a raibh i ndán dó [[Duais Nobel sana litríochtLitríochta]] a bhaint, údar an scéil. Ba é ''Nuorena nukkunut'' an chéad úrscéal a tháinig óna pheann - úrscéal faoi chailín óg a fuair bás le créachta. Tá an grá collaí agus an bás fite fuaite le chéile i scéal an chailín, rud a thug an-inspioráid do Tulio, mar ba dhual dó.
 
Ie é an scannán ''Laulu tulipunaisesta kukasta'' an ceann is cáiliúla dá ndearna Tulio, agus é bunaithe ar úrscéal Johannes Linnankoski. Móitíf anghrách atá ann chomh maith - fear óg agus a chuid leannán a gcuireann tú an coimeadar orthu le seafóid rómánsúil le hiad a thréigean i ndiaidh caidreamh collaí. Sa deireadh áfach castar bean de na cailíní air arís agus í ina striapach anois, rud a thugas ar an bhfear óg machnamh a dhéanamh ar a fhreagracht féin as ar tharla di.