An difríocht idir athruithe ar: "Creative Commons"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Eagraíocht neamhbhrabúis is ea '''Creative Commons''' ('''CC'''). Tá sé mar aidhm aici an raon saothar chruthaiteach ar an saol a mhéadú chun go gcuirfí leis go dleathach agus go roinnfí é gan bhac.<ref>{{cite web|url=https://creativecommons.org/faq/ |teideal=Frequently Asked Questions |publisher=Creative Commons |date = 4 August 2016 |accessdate=20 December 2011}}</ref> Tá roinnt mhaith ceadúnas scaoilte ag an eagraíocht den chineál ar a dtugtar ceadúnais Creative Commons agus atá saor in aisce don saol. Cuireann na ceadúnais seo ar chumas cruthaitheoirí saothair cur in iúl cé acu cearta atá á gcoimeád acu agus cé acu cearta atá siad a ghéilleadh ar mhaitheas daoine ar mhaith leo úsáid a bhaint as an saothar, cruthaitheoirí eile ina measc. Tá míniúchán sothuigthe le fáil ar gach aon cheadúnas de chuid Creative Commons atá scríofa ar aon leathanach amháin in éineacht le híomhánna amhairc. Ní ghlacann ceadúnais Creative Commons áit [[Cóipcheart|cóipchirt]]; tá siad bunaithe air. Glacann ceadúdanais CC áit na hidirbheartaíochta idir úinéir cóipchirt (ceadúnóir) agus ceadúnaí a bhíonn riachtanach faoin gcóras úd "gach ceart ar cosnamh". Ina áit sin bíonn córas "cuid ceart ar cosnamh". Sa chóras seo bíonn ceadúnais chaighdeánaithe i gcásanna athúsáid saothar mura mbíonn cúiteamh á iarraidh ag úinéir an chóipchirt. Is é an toradh air seo ná réim bhainistíochta cóipcheart atá solúbtha le forchostais agus costais ísle. Úsáideann [[Vicipéid]] ceann de na ceadúnais seo.<ref>{{cite web |url=http://wikimediafoundation.org/wiki/Terms_of_Use |teideal=Wikimedia Foundation Terms of Use |accessdate=June 11, 2012}}</ref>
 
Chuir Lawrence Lessig Creative Commons ar siúl ar 15 Eanáir 2001, in éineacht le Hal Abelson agus Eric Eldred agus le cuidiú ón Center for the Public Domain. Is é Ryan Merkley príomhoifigeach feidhmiúcháin an CC. Faoin mbliain 2015, bhí 100 eagraíocht comhcheangailte le Creative Commons in 75 tíortha.<ref>{{cite web|url=https://wiki.creativecommons.org/CC_Affiliate_Network |teideal=CC Affiliate Network |publisher=Creative Commons |accessdate= 15 March 2015}}</ref> Tá beirt ar bhord chomhairleach Creative Commons a bhfuil nó a raibh baint acu le Wikipedia, mar atá, [[Sue Gardner]] agus [[Jimmy Wales]].
 
==Tagairtí==