An difríocht idir athruithe ar: "Intriachtaí"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é atá i gceist le '''intriachtaí''', ná focail onamataipéacha (bang, slurp, splash) agus trup ainmhithe (grrrrr, clippity-clop) Cén Ghaeilge a bheadh ar...'
 
Replaced content with "Is é atá i gceist le '''intriachtaí''', ná focail onamataipéacha (bang, slurp, splash) agus trup ainmhithe (grrrrr, clippity-clop)"
Líne 1:
Is é atá i gceist le '''intriachtaí''', ná focail onamataipéacha (bang, slurp, splash) agus trup ainmhithe (grrrrr, clippity-clop)
 
 
 
 
 
 
 
Cén Ghaeilge a bheadh ar biff, ouch, ahem agus eh? Meh, an freagra ag na foclóirí…
 
FRIOTAL: Is ait lenár gcolúnaí na foclóirí Béarla–Gaeilge a bheith chomh balbh is atá siad faoi ‘fhocail’ a bhíonn ar bharr ár dteanga (nó ar bharr na méar) againn go léir
Antain Mac Lochlainn
Dé Céadaoin, Lúnasa 26 2015 ag 7:20 am
 
Cartún Antain Trá
 
Gné chleasach, chaolchúiseach de theanga ar bith is ea ‘fuaimfhocail’. Is é atá i gceist agam ná intriachtaí, focail onamataipéacha (bang, slurp, splash) agus trup ainmhithe (grrrrr, clippity-clop). Bhí ábhar agam mo sháith machnaimh a dhéanamh ar na cúrsaí seo agus mé ag cur Gaeilge ar chúpla leabhar eile sa tsraith Asterix. Sórt scannán gan fuaimrian atá san úrscéal grafach agus bítear ag brath ar fhuaimfhocail leis an easnamh sin a chúiteamh. Dar ndóigh, tá an seánra seo i bhfad níos saothraithe sna mórtheangacha ná mar atá sa Ghaeilge. Fiú amháin go bhfuil carachtair ann a bhfuil stór fuaimfhocal dá gcuid féin acu – níor bhuail Batman buille ar bhithiúnach riamh gan Kabooom! nó Kapow! a bheith leis. Is é dúshlán an aistritheora na fuaimeanna sin a léiriú i litreacha Gaeilge.
 
Tá fuaimeanna áirithe níos deacra ná a chéile ann. Is furasta ‘fuist’ a chur in áit shush nó ‘cnag, cnag’ a chur in áit knock knock. Má ligeann duine osna, níl feidhm ort fuaim osna a thabhairt slán i litreacha, ach díreach ‘osna’ a scríobh i mbalún cainte agus é sin a chur i mbéal an charachtair. Tá comharthaí ann a thuigtear ó thír go tír: chí an léitheoir ZZZZ agus bíonn a fhios aige nó aici gur ag srannfach atá an carachtar. Sin an chuid is fusa den obair.
 
Ach ní i gcónaí is féidir onamataipé a thabhairt slán ó theanga go chéile. A leithéid seo: tugann Asterix dorn do shaighdiúir Rómhánach agus teilgeann suas san aer le neart a bhuille é. Vlam! atá sa Fhraincis. Biff! atá sa leagan Béarla. Ní fheictear dom (nó ní chluintear dom) go ndéanfadh traslitriú Gaeilge ar vlam ná biff an gnó. Ní focail sa chiall is cruinne iad ach cuireann siad foghar éigin in iúl don Fhrainciseoir agus don Bhéarlóir: fuaim na teagmhála agus/nó cúrsa an tsaighdiúra bhoicht tríd an aer. Cad é a d’oirfeadh don Ghaeilge? ‘Plimp’ is túisce a rith liomsa. ‘Crash, bang,’ an míniú atá tugtha in FGB. Tá sampla ann fosta: ‘D’imigh sé de phlimp, he went off like a shot.’ Díreach ceart, shílfeá, ach…
 
Seans go bhfuil onamataipé na Gaeilge ceilte ar mo leithéidse, foghlaimeoir. Ní chluinimse foréigean ná fórsa san fhocal ‘plimp’. Go deimhin, níor chuala mé an focal as béal duine riamh, agus ní maith liom leaganacha nach bhfuil taithí agam orthu a fhuadach as liostaí focal. Fuaim bheag lag is ea ‘plimp’, dar liomsa, ach oiread le flop, plop, limp agus focail eile a bhíonn i mo chluasa de shíor agus a mhúnlaíonn mo thuiscint ar an fhocal Gaeilge. Cad é a thuigfeadh an cainteoir aonteangach Gaeilge as? Ní fios.
 
Caillteanas eile mar a ligeadh d’intriachtaí traidisiúnta Gaeilge dul i ndearmad. Tá na seantéacsanna lán nathanna a chuireann iontas (‘ob abú búna!’), easaontú (‘preit’, ‘fo, fo, a dhuine!’) nó trua (‘abhó!’) in iúl. Cén Ghaeilge a bheadh ar ouch, ahem agus eh? Nó an bhfuil aon rud sa Ghaeilge a fhreagraíonn do meh, nath a úsáideann lucht tráchtaireachta i bhfóraim idirlín chun easpa suime a chur in iúl? Is ait liom na foclóirí Béarla–Gaeilge a bheith chomh balbh is atá siad faoin ghné seo den teanga – is ‘focail’ iad seo a bhíonn ar bharr ár dteanga (nó ar bharr na méar) againn go léir.
 
Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.