An difríocht idir athruithe ar: "Caitríona II na Rúise"
Content deleted Content added
m Removing Link GA template (handled by wikidata) |
mNo edit summary |
||
Líne 19:
==== Caitríona ====
[[An Ghearmáin|Gearmánach]] ab ea í Caitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí sa Ghearmáin ar na saolta sin. Más amhlaidh féin, ghlac sí a
==== Bás an Tríú Peadar ====
Sa bhliain [[1762]] a chimigh baicle d'oifigigh an Airm Peadar a Trí, agus fuair mo dhuine bás faoi
==== Banimpire Soilsithe ====
Bhí Caitríona eolach ar smaointeachas forásach Iartharach na linne, ar nós fealsúna eagnaíochta na [[An Fhrainc|Fraince]], a bhí ag cur síol [[Réabhlóid na Fraince|na réabhlóide]] faoin am sin. Ó bhí a gcuid scríbhinní faiseanta mar lón léitheoireachta ag na maithe is na móruaisle, ní leis an réabhlóid a shamhlaigh Caitríona iad, ach le rialtas maith forásach, agus i dtús a réime rinne sí iarrachtaí áirithe an smaointeachas seo a chur i bhfeidhm ar an tír mar chuid dá
==== Éirí Amach na gCosacach ====
[[Íomhá:Pugachyov.jpg|thumb|260px|Emelyan Pugachov]]
Bhí an seirfeachas ag tarraingt trioblóide ar Chaitríona ar bhealach a chuirfeadh i gcuimhne éirí amach [[Stenka Razin]] sa tseachtú haois déag. D'éirigh ina cheannairc sna tailte taobh thuaidh den Mhuir Chaisp, idir na haibhneacha Volga agus Yaik. (D'athbhaist Caitríona an t-ainm "Úrail" ar an abhainn sin Yaik d'aonturas in éis na ceannairce seo, lena cuimhne a mhúchadh - go dtí sin níor thagair ainm na hÚráile ach amháin do na Sléibhte Úralacha a scarann an Áise ón Eoraip.) Chuaigh an [[Cosacaigh|Cosacach]] [[Yemelyan Pugachov]] i gceannas ar lucht na ceannairce, agus mar a d'éiligh traidisiún na Rúise, bhain Pugachov úsáid as cleas [[Dmitry Bréige]]: is é sin, d'áitigh sé gurbh eisean Peadar a Trí ar a sheachnadh ó na dúnmharfóirí. Nuair a phléasc an cheannairc seo amach sa bhliain 1773, bhí an chuid ba mhó d'Arm na Rúise ar shiúl ag cur cogaidh ar an Tuirc, mar ba ghnách, agus cead a gcos ag na ceannairceoirí ar fud na tíre, dá réir sin. B'iad na seirfigh ba chroí d'arm Phugachov, ach fuair siad tacaíocht ó shluaite de Chosacaigh. De réir a chéile thaobhaigh an dúrud dreamanna míshásta eile leo, ar nós na mionlach Muslamach a raibh teangacha Tuircice á labhairt acu. Maraíodh na scórtha uaisle, agus an chuid a tháinig slán as an bhfaopach, níor
Bhí na seirfigh ag seasamh an fhóid go héadóchasach in éadan shluaite Chaitríona. Bhí ciall éigin ag Pugachov do chúrsaí polaitíochta, áfach. Mar sin, d'fhéach sé le dlíthe dá chuid féin a reachtú, a eisiúint agus a chur i bhfeidhm: d'fhógair sé go raibh an seirfeachas curtha ar ceal, agus é ag iarraidh tailte na dtiarnaí a roinnt ar na scológa sceidíneacha, ar na bochta is ar na nochta. Mar sin, thug Pugachov cúis pholaitiúil do lucht a leanúna. Cúis a bhí ann a chosnóidís go míthrócaireach i bpáirc an áir.
I Mí Lúnasa den bhliain 1774 a cuireadh an cath mór a shocraigh an scéal. Tháinig táinrith agus scaipeadh na mionéan i ndíormaí Phugaitseov. Cimíodh an ceann urra féin, agus cuireadh chun báis é i dtús na bliana 1775. Níor leor é sin, áfach, nó i ndiaidh an bhua chaith fórsaí sluaíochta an Bhanimpire dreas maith ama ag siúl na gcúigí is na gcúlriasc agus iad ag baint sásamh fola as na scológa a fuarthas ciontach sa cheannairc. Ruaigeadh lear mór
==== An Saoradh ó Bhráca ar Fionraí ====
I ndiaidh na dtrioblóidí seo, tháinig Caitríona Mhór ar athrú comhairle i dtaobh shaoirse na scológ is na seirfeach, ní nárbh ionadh. Bhí an claochlú seo le haithint ar a polasaithe cultúir fosta. I dtús a réime bhí sí an-ghnóthach ag iarraidh faisin intleachtúla
==== Cás Radishchev ====
Líne 47:
==== "Stáidbhean na Rúise" ag cogaíocht ====
Ní raibh réimeas Chaitríona saor ó chogaí, ach oiread. Nó chuir ''stáidbhean na Rúise'', mar a thug [[Johan Ludvig Runeberg]] uirthi, - chuir sí cupla cath ar na Sualannaigh; ach b'é an sean-namhaid, sabhdán na Tuirce, an chloch ba mhó ar a paidrín. Bhí Gustaf a Trí, rí na Sualainne, iontach araiciseach chun troda le hoirthear na Fionlainne a fháil ar ais ón Rúis, ach, thairis sin, bhí sé ag dréim le Cathair Pheadair a ghabháil, i gcruth is go dtiocfadh leis malairt impire a chur in ionad Chaitríona - impire a bheadh ina phuipéad ag an tSualainn. Ar ndóighe, thuirsigh Gustaf é féin agus a chuid saighdiúirí i bhfad roimh an gcuspóir neamhréadúil meigleamáineach seo a bhaint amach ar aon nós. Ón taobh eile de, siúd is go raibh arm na Rúise ábalta go maith an fód a sheasamh in éadan na Sualannach, bhí an teagmháil seo ag éileamh fórsaí armtha a bhí ag teastáil ar chathéadan na Tuirce. Mar sin, nuair a socraíodh an tsíocháin i ndiaidh
==== Críochdheighilt na Polainne ====
Líne 53:
B'é an t-éacht ba mhó i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh a d'éirigh le Caitríona ná [[críochdheilghilt na Polainne]]. (Nó an choir ba mhó, dar le muintir na Polainne.) Nuair a bhí rí nua le ceapadh don tír sin sa bhliain 1763, chuaigh Caitríona i muinín gach cineál uisce faoi thalamh agus bagairtí le puipéad dá cuid féin a chur ag rialú na tíre sin. Bhí an t-ádh léithi, nó gaireadh rí de Stanisław August Poniatowski, iar-leannán leapa dá cuid féin, agus é ina ambasadóir Pholannach i g[[Cathair Pheadair]] go dtí an ceapachán seo. Fear ró-éirimiúil, ró-thírghráúil a bhí i Stanisław August le Caitríona a shásamh taobh amuigh den leaba, mar a d'iompaigh an scéal amach, nó bhain sé mealladh aisti ar fad lena chuid polasaithe. D'fhéach sé le córas polaitíochta na Polainne a fheabhsú is a dhaingniú agus an tsean-ainriail a ruaigeadh, agus é ag iarraidh eacnamaíocht na tíre a thabhairt i dtreo an bhisigh chomh maith. Nuair a sháigh Caitríona a ladar i saol pholaitiúil na Polainne leis an bhforbairt seo a chosc, chuaigh uaisle na tíre in anuabhar uirthi. Thionóil siad i mBar le ''konfederacja'' a bhunú - is é sin, cineál "comhcheilg phoiblí" nó comhcheangal den chineál a cheadaigh bunreacht na Polainne do na fir uaisle. Bhí sé de chuspóir acu ar dtús an creideamh Caitliceach a chosaint, ach is é an chiall a bhain an chuid is mó de na baill as seo ná go raibh an comhcheangal le cath a chur ar Chaitríona agus ar na Rúisigh. Bhí lucht an chomhcheangail in ann slua mór saighdiúirí a earcú go sciobtha, agus iad ag éirí an-bhagrach i súile an Bhanimpire.
==== Na
An chéad chuspóir a bhí ag an gcomhcheangal, áfach - an cath i bhfách leis an g[[Caitliceachas]] - níor thaithin sé le cách i bPolainn ilnáisiúnta, ilchreidmheach na linne. Mura gcuirfeadh an Comhcheangal an oiread sin béime ar an gcreideamh Caitliceach, d'fhéadfaí Cosacaigh na hÚcráine - na Haighdeamacaigh - a chealgadh chun comhoibriú, ach mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, bhí na Cosacaigh as pabhar míshásta le pleananna na n-uasal, agus, sa deireadh thiar thall, d'éirigh ina chogadh chathartha idir an dá dhream. B'é ba toradh dó sin ná gur chuir an Rúis, [[an Ostair]] agus an Phrúis, an trí chomharsa, - gur chuir siad ladar i gcúrsaí inmheánacha na Polainne arís, agus ansin, chuaigh an chéad chríochdheighilt ar an tír, sa bhliain 1772. Níor chaill na Polannaigh, áfach, ach píosaí beaga de thailte in aice leis na teorainneacha, ach b'é fíor-oighear an scéil gur cuireadh srianta i bhfeidhm ar rialtas na Polainne, srianta a bhí dírithe ar lucht rialtais na tíre a stopadh ó aon iarracht le córas rialaithe an stáit a leasú nó a nua-aoisiú. B'é an ''[[liberum veto]]'' an rud ba mhó a bhí ag déanamh scime do na leasaitheoirí forásacha sa Pholainn.
|