An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
Líne 69:
Is féidir leis na hAontachtóirí i dTuaisceart Éireann a ndúchas Briotanach a chur in iúl ar a lán dóigheanna sa ghnáthshaol: is dual don Aontachtóir páipéar nuachta ar leith a léamh, tacaíocht a thabhairt d'fhoireann ar leith lúthchleasaíochta, páirt a ghlacad i gcultúr áitiúil na nAontachtóirí nó vóta a chaitheamh i bhfách le páirtithe agus le hiarrthóirí Aontachtacha.
 
Is gnách glacadh leis go bhfuil na Caitlicigh ina Náisiúnaithe agus na Protastúnaigh ina nAontachtóirí, agus is minic nach n-aithnítear an tAontachtóir thar an bProtastúnach sa tráchtaireacht a dhéantar ar chúrsaí polaitíochta an stáitín. Róshimpliúchán atá ann, áfach. Tá baill Chaitliceacha i bPáirtí Aontachtach Uladh, cosúil le Sior John Gorman, a bhí ina fheisire i dtionól an Tuaiscirt sna blianta 1998-2003. Bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle ar an tionól. Maionn Ian Paisley, seanmóirí bunúsaíoch agus cathaoirleach an Pháirti Aontachtaigh Dhaonlathaigh, go vótálann an corr-Chaitliceach i bhfách leis, ach is follasach nach bhfuil cead isteach ag na Caitlicigh sa pháirtí féin, mar bhaill.
 
Ón taobh eile de, is féidir teacht ar Phrotastúnaigh a bhíonn ag vótáil an SDLP, an páirtí náisiúnaíoch measartha. Bíonn iarrthóirí Protastúnacha ar rollaí an SDLP fosta, ó am go ham, agus vótáladh isteach cupla acu i rith na mblianta. Na Protastúnaigh atá gníomhach i Sinn Féin, áfach, is as Poblacht na hÉireann don chuid is mó acu.
 
Is iomaí Caitliceach freisin a chaith seal ar fiannas i bhFórsaí Armtha na Breataine Móire nó i gConstáblacht Ríoga Uladh, cé go raibh sé de nós ag na sceimhlitheoirí Caitliceacha míle murdar a bhagairt ar a leithéidí. Is léir go raibh meas an fhealltóra acu ar na péas Caitliceacha.