An difríocht idir athruithe ar: "Dún na nGall"
Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 87.42.182.136 (Plé); ar ais chuig leagan le SeoMac |
|||
Líne 16:
== Stair ==
Roimh an [[17ú haois]] déag, bhí an baile ina phríomhdhún ag [[clann Ui Dhomhnaill]], rialtóirí stairiúla [[Tír Chonaill]]. Tá fianaise ann go raibh daoine ag cur fúthu ar an láthair roimh theacht na Críostaíochta. Meastar gur mar gheall ar dhún a bheith ag [[na Lochlannaigh]] sa cheantar a tugadh Dún na nGall air. Tugann na mílte cuairt ar [[Caisleán Dhún na nGall|Chaisleán Dhún na nGall]] gach bliain, caisleán a thóg Clann Uí Dhónaill sa [[15ú haois|chúigiú haois déag]]. Tá ballóga sainmhainistreach ann chomh maith, mar a raibh [[Ord na bProinsiasach]]. Rinneadh cuid mhaith den obair ar [[Annála na gCeithre Máistrí]], ceann de na lámhscríbhinní stairiúla is tábhachtaí in Éirinn, sa mhainistir seo.
[[Íomhá:donegaltown.jpg|thumbnail|left|''An Diamant'' i lár Dhún na nGall.]]
Líne 22:
== Inniu ==
Is ionad mór turasóireachta é an baile anois, é suite ag bun na gCruacha Gorma, agus in aice le cuid mhór tránna a mbíonn daoine ag tonnmharcaíocht orthu. Tá traidisiún láidir fíodóireachta sa bhaile agus sa cheantar máguaird, agus an-cháil ar chomhlacht Magee. Is ann atá ceannáras an nuachtáin an Donegal Democrat.
[[Catagóir:Bailte i gContae Dhún na nGall]]
|