An difríocht idir athruithe ar: "Elish Lamont"
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Péintéir mionphortráidí Éireannach ab ea '''Elish Lamont''' nó '''Elish La Mont(e)''' (c.1800/1816 – 28 Iúil 1870).<ref name=Clarke>{{cite book|last1=Clark...' |
No edit summary |
||
Líne 1:
Péintéir mionphortráidí [[Éire]]annach ab ea '''Elish Lamont''' nó '''Elish La Mont(e)''' (c.1800/1816 – 28 Iúil 1870).<ref name=Clarke>{{cite book|last1=Clarke|first1=Frances|editor1-last=McGuire|editor1-first=James|editor2-last=Quinn|editor2-first=James|
==Saol==
Rugadh Elish Lamont isteach i dteaghlach gnóthadóirí aithnidiúil i m[[Béal Feirste]], sa bhliain 1800 nó 1816.<ref name="Library Ireland">{{cite web|
D'aistrigh Lamont go seoladh ar Sr. Clare, [[Baile Átha Cliath]] sa bhliain 1857, agus bhí cónaí uirthi ansin go 1859. Ní ba dhéanaí ina saol, chuaigh sí go Sasana, mar ar chuir sí aithne ar [[Daniel Maclise]], [[John Ruskin]], agus [[Charles Dickens]]. Shíothlaigh Lamont ar 28 Iúil 1870, in [[Rochester Castle|Boley Hill, Rochester]], Kent.<ref name=Clarke /><ref name=Newmann>{{cite web|last1=Newmann|first1=Kate|
==A saothar ealaíne==
Ag tús a gairmré, thaispeán Lamont a bpictiúirí le Cumann Bhéal Feirste na nEalaíontóirí sna blianta 1837 agus 1838. Bhí a saothar ar taispeáint chomh maith leis an [[Royal Hibernian Academy]] (RHA) ó 1842 go 1858, agus arís sa bhliain 1870. Is dócha gurbh ise an "Mrs Lamont" a bhí páirteach i dtaispeántas an Northern Irish Art Union i m[[Béal Feirste]] i 1843 le dhá mhionphortráid. Thaispeáin sí 7 mionphortráid san Acadamh Ríoga na hEalaíne (RA) sna blianta 1856–1859 faoin ainm "Miss La Monte". Tá Lamont ar na mná ba túisce i mBéal Feirste dár éirigh leo saol proifisiúnta san ealaín a bhaint amach di féin, agus tá a fhios gur éirigh go maith léi. Coimisiúnadh í chun mionphortráidí a dhéanamh do neart teaghlach den uasaicme i dTuaisceart na hÉireann.
==Tagairtí==
Líne 13:
{{DEFAULTSORT:Lamont, Elish}}
[[Catagóir:Básanna i 1870]]
|