An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Spáinne"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 16:
Ar an 2 Bealtaine, 1808, d'ionraigh an [[Céad Impireacht Fhrancach|Chéad Impireacht Fhrancach]] de chuid Napoleon Bonaparte an Leithinis, eachtra a chur tús le héirí amach na dtuathánach agus a chríochnófaí i [[Cogadh na Saoirse (An Spáinn)|gCogadh Saoirse na Spáinne]]. Dob é príomhthoradh an chogaidh, tar éis díbirt na bhFrancach sa bhliain 1814 ná go raibh ar an Spáinn páirt a ghlacadh sa [[Cogadh na Saoirse Mheiriceá Laidinigh|Chogadh na Saoirse Mheiriceá Laidinigh]]. Lean an chéid san ardchathair agus éagobhsaíocht pholaitiúil agus an streachailt idir Liobrálaithe agus lucht tacaíochta an tseanéimis a bheith ina chomhartha sóirt. Idir 1873 agus 1874 bhí an an Chéad Phoblacht ar bun. Ag deireadh an chéid, d'ardaíodh caighdeán maireachtála na meán aicmí le teacht na Réabhlóide Tionsclaí agus an chórais Canovas, a thosaigh ag chomhdhlúthú sna príomhionaid uirbeacha; áfach, an 'Cogadh Spáinn-Mheiriceánach' nó 'Tubaiste an '98', a bhí mar thoradh air cailliúint na gcoilíneachtaí deiridh d'Impireacht na Spáinne, a chrutaigh clampar as cuimse sa tsochaí Spáinneach.
 
Agus an caighdeán agus an imeasctha leis an gcuid eile den Eoraip i gcónaí ag dul chun cinn, ba léir go raibh éagobhsaíocht pholaitiúil an chéad tríú den fhichiú haois ag dul i méid. I mí Aibreáin 1931, nuair a fógraíodh na toghcháin bhardasacha i bpríomhchathracha na n-iarrthóirí Poblachtach, ar an 14 Aibreán fógraíodh an [[Dara Phoblacht na Spáinne|Dara Phoblacht]], theith Rí Alfonso XIII as an dtírtír, d'fhonn cogadh cathartha a sheachaint, a bheadh ann 5 bliana ina dhiaidh sin, i 1936, leis an coup i mí Iúil 1936. Chríochnaigh Cogadh Cathartha na Spáinne sa bhliain 1939 le bua na náisiúnaithe. Bhí an Spáinn neodrach go hoifigiúil sa Dara Cogadh Domhanda; tar éis na tréimhse iarchogaidh, bhí ganntanas agus aonrú idirnáisiúnta i bhfeidhm go mór, ina dhiaidh sin bhí tréimhse d'fhorbairt eacnamaíoch láidir agus oscailteacht áirithe le linn na mblianta ó na 60í go dtí na 70í.