An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Spáinne"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 7:
Sa bhliain 711 d'ionsaigh na Múraigh, ó thuaisceart na hAfraice, an tír agus chuir siad an chéad concas Moslamach i bhfeidhm; i gceann cúpla bliain bhí an tIoslamachas i réim fud fad mór chuid na [[Leithinis na hIbéire|leithinise]]. Go ceann 750 bliain ar aghaidh, bheadh aithne ar an ríocht mar al-Ándalus (an Andalúis), agus i rith an ama sin, agus go leor den chuid eile den Eoraip san [[Ré Dhorcha]], bheadh borradh ilchultúrtha glórmhar, eolaíochta agus ealaíne san Andalúis.
 
[[An Athghabháil|Athghabhadh]], de réir a chéile, na ríochtaí Críostaí ó na Múraigh. Thosaigh an athghabháil thart ar 722 AD, le linn éirí amach [[Don Pelayo]], agus ag tosú ón tuaisceart, baineadh a buaicphointe amach nuair a gabhadh [[Léigear Ghranada|Granada]] sa bhliain 1492. Ins an bhliain 1481, do haontaíodh cúirteanna na Chaistíle agus Aragon, nuair do pósadh [[Fernando II de Aragón|Fernando II na hAragóine]] agus [[Isabel I de Castilla|Isabella de Castilla]]. Faoi stiúradh na beirte sin, "[[na Monairc Chaitliceacha]]" mar do tugadh orthu, is gearr go raibh an Spáinn chun tosaigh ar chúmhachtaí eile na hEorpa. Dhá eachtra a tharla fé ndear san, An chéad cheann díobh san na gabháil Ghranada agus dí-chur cúmhacht na Múrach sa Spáinn, mar dá thairbhe sin tháinig an Spáinn go léir fé rialú aon-rí den chéad uair riamh. An dara heachtra ná [[Fionnachtain na nOileán Indiach Thiar]]. Sa bhliain [[1492]] mhaoinigh na monairc Chaitliceacha tionscadal [[Críostóir Colambas|Chríostóir Colambas]] dul sa tóir ar bhealach trádála nua chun na [[An Áise|hÁise]], tríd an [[An tAigéan Atlantach|Aigéan Atlantach]], agus, freisin, d'fhógair siad [[díbirt na nGiúdach]].
Leis [[an Domhan Nua]] a shroicheadh, agus níos déanaí concas Mheiriceá cruthaíodh Impireacht na Spáinne. Le linn na gcéadta bliain ina dhiaidh sin bheadh an Spáinn ina príomhimreoir ar fud domhain an Iarthair agus an chéad cumhacht an uair úd. I rith an 16ú haois agus an 17ú haois bheadh freisin buaicphointe is mó de chultúr agus ealaín na Spáinne, a dtugtar 'Siglo de Oro' (Ré Órga) uirthi.