An difríocht idir athruithe ar: "An Fhrainc"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 48:
Tá príomhchuid na tíre suite in iarthar mhór-roinn na [[An Eoraip|hEorpa]], agus tá príomhoileán na tíre, [[An Chorsaic|Corsica]], suite sa [[an Mheánmhuir|Mheánmhuir]]. Tá críocha agus oileáin Fhrancacha eile suite timpeall an [[An Domhan|domhain]]. Is í [[Guáin na Fraince]] an chríoch is mó thar lear.
 
San iomlán, tá achar 547,026 km ² sa "Fhrainc Dhúthach" (Eorpach), ar a dtugtar l'Hexagone, an "Heicseagán", uaireanta, mar gheall ar a cruth. Tá cóstaí ag an Fhrainc san iarthar, sa tuaisceart agus sa deisceart, tá a tírdhreach múnlaithe den chuid is mó ag mánna nó cnoic. Tá an chuid thoir theas den tír sléibhtiúil; is iad na príomh-shliabhraonta na [[Piréiní]], an [[Massif Central]], [[na hAlpa]] agus na [[Vosges]] san oirthear. Is é [[Mont Blanc]] an sliabh is airde sa Fhrainc agus sna hAlpa (4,810 m.).
 
=== Aeráide ===
Líne 164:
=== Ó Aimsir na Róimhe go dtí an Réabhlóid ===
 
Tá an Fhrainc suite sa réigiún a nglaoití [[an Ghaill]] air tráth - áit a ndeirtear gur tháinig na [[Na Ceiltigh|Ceiltigh]] aisti. Rinne [[Iúil Caesar]] concas ar an nGaill d'[[Impireacht na Róimhe]] san [[1ú haois RC|1ú aois RC]], agus ar deireadh ghlac na Gallaigh le cultúr agus le [[an Laidin|teanga na Róimhe]]. D'fhorbair an teanga de réir a chéile go dtí an pointe go n-aithneofaí mar [[An Fhraincis|Fhraincis]] í. Ón [[2ú haois]] nó ón [[3ú haois]] ar aghaidh, tháinig borradh ar an g[[An Chríostaíocht|Críostaíocht]] agus sa 4ú nó sa 5ú aois, scríobh [[Naomh Jerome]] gurbh í an Ghaill an t-aon réigiún a bhí "saor ó eiriceacht". Sna [[An Mheánaois|Meánaoiseanna]], d'úsáid na Francaigh an ráiteas seo le cruthú gurbh iad "Ríocht sár-chríostaíocht na Fraince".
 
Sa [[4ú haois]], tháinig treibheanna Gearmánacha ón oirthear trasna abhann na [[Réin]]e. Glaodh ''[[Francanna]]'' orthu. Chruthaigh na Francanna a n-impireacht féin, an Impireacht [[Cairilínseach|Chairilínseach]], a shroich barr a réime faoin Impire [[Séarlas Mór]]. Ar bhás Shéarlais Mhóir, roinneadh an Impireacht ina trí chuid, le Conradh Verdun ([[843]]). Ba í an chuid iarthair, faoi riail [[Séarlas Maol|Shéarlais Mhaoil]], a chuir tús leis an bhFrainc mar is ann inniu di.
Líne 179:
 
[[Íomhá:Eugène Delacroix - La liberté guidant le peuple.jpg|thumb|220px|[[Eugène Delacroix]] - ''La liberté guidant le peuple'']]
Bhí coilíneachtaí ag an bhFrainc ón 17ú haois go dtí na [[1960idí|1960í]]. Sa [[19ú haois|19ú]] agus [[20ú haois|20ú]] haois bhí a hImpireacht Domhanda ar an dara ceann ba mhó, i ndiaidh impireacht na Breataine. Idir [[1919]] agus [[1939]], bhí an Impireacht os cionn 12,347,000 km<small>2</small>² (4,767,000 míkm<small>2</small>²). Leis an tír féin san áireamh, sna [[1920idí|1920í]] agus [[1930idí|1930í]], bhí 8.6% de achar an domhain faoi réimeas na Fraince.
 
Cé gur bhuaigh siad ar deireadh sa [[An Chéad Chogadh Domhanda|gCéad Chogadh Domhanda]], d'fhulaing an tír go mór, go háirithe ó thaobh daoine agus mianraí de.
 
Bhunaigh an rialtas, Fronta an Phobail, córas leasaithe shóisialta sna [[1930idí|1930í]]. Ar an [[4 Meitheamh]] [[1936]], bhí Léon Blum tofa ina phríomh-aire ar an Fhrainc. I rith an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]], tar éis ionradh na nGearmánach ag úsáid [[blitzkrieg]], ghéill siad.
I rith an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]], tar éis ionradh na nGearmánach ag úsáid [[blitzkrieg]], ghéill siad.
 
Bhí daoine san Fhrainc nár aontaigh leis an ngéilleadh agus thosaigh siad "Fórsaí Saoirse na Fraince" lasmuigh den tír, agus Frithbheartaíocht na Fraince istigh sa tír. Sa bhliain [[1944]] tar éis ionradh na gcomhghuaillithe ar "[[D Day|D-Day]]", bhí an Fhrainc saor arís. Go luath ina dhiaidh sin búnaíodh an Nouvelle Armée Française ("Arm Nua na Fraince") le cabhair na gcomhghuaillithe agus lean siad ag troid go dtí deireadh an Chogaidh.