An difríocht idir athruithe ar: "Breithrialú"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 1:
Bacadh toirchithe tar éis comhriachtana. Tugtar ''breithrialú'' nó ''pleanáil clainne'' air freisin.
Bacadh toirchithe tar éis comhriachtana. Tugtar ''breithrialú'' nó ''pleanáil clainne'' air freisin. Chuir [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|an eaglais]] is na lianna gairmiúla ina coinne leis na céadta bliain, ach phléadáil daoine eile ar a son chun an daonra a shrianadh, [[Galair agus ionfhabhtuithe gnéastarchurtha|galair veinéireacha]] a sheachaint, agus méid clann a rialú. Sna modhanna luatha, ní raibh aon cheimiceán ná gaireas meicniúil i gceist. Dhéantaí folcadh faighne le huisce i ndiaidh comhriachtana go forleathan, ach ní héifeachtach é sin mar fhrithghiniúint. Tá seachaint comhriachtana i dtréimhse shábháilte, an modh rithime, bunaithe ar an [[timthriall míosta]] a bheith go hiomlán tréimhsiúil agus an t-ubhsceitheadh a bhrath go cruinn, ach ní iontaofa an dá thairiscint seo agus mar sin ní iomlán éifeachtach an modh é seo. Moltar aistarraingt an phéinis roimh an agall freisin, ach sceitear speirmeacha roimhe sin go minic, agus braitheann sé ar fhéinrialú an fhir: ní féidir go mbeidh sé éifeachtach an t-am ar fad. Rinneadh cur síos ar an [[Coiscín|gcoiscín]] mar chosaint i gcoinne sifilise sa [[16ú haois|16ú céad]], nach raibh ann ach truaill lín. As [[laitéis]] is [[sileacón]] a dhéantar coiscíní inniu, agus is cosaint mheicniúil réasúnta éifeachtach é i gcoinne giniúna, agus i gcoinne [[SEIF]] is galar eile a tharchuirtear trí ghnéas. Ach teipeann coiscíní ó am go chéile, bíodh is go bhfuil a n-úsáid an-choitianta san [[iarthar]]. Tá gairis mheicniúla eile in úsáid freisin — sciatha, scairteacha, is caipíní — a chuireann an bhean isteach ina [[faighin]] agus is gá a choinneáil ina ionad ar feadh 6-8 uair i ndiaidh comhriachtana. Feabhsaíonn speirmicíd éifeacht na ngaireas seo. Baineann an fearas ionútarach frithghiniúnach (IUD) feidhm as cornaí is crúcaí [[Plaisteach|plaistigh]] nó miotail, agus is gá go gcuirfidh duine oilte i mbroinn na mná é. Is éifeachtach an modh é seo, ach uaireanta cuireann sé tús le [[Ionfhabhtú|hionfhabhtú]], [[rith fola]], damáiste don bhroinn, agus b'fhéidir aimride ina dhiaidh. Ba mhór an chéim ar aghaidh chun frithghiniúint éifeachtach a chur ar fáil an piollaire frithghiniúnach. Cuimsíonn an piollaire stéaróidigh cosúil leis na [[gnéashormóin]] bhaineanna, [[éastraigin]] is [[prógaistéarón]] le chéile, nó prógaistéarón amháin. Coisceann sé ubhsceitheadh agus cuireann tús le hathruithe i líneáil is táil an cheirbhics, na broinne is na bhfeadán útarach a dhéanann naimhdeach don speirm iad. Is éifeachtaí an comhphiollaire éastraigine is prógaistéaróin ná an piollaire prógaistéaróin amháin (an mionphiollaire). Tógtar iad ar feadh 21 lá, agus tarlaíonn an [[míostrú]] sa 7 lá ina dhiaidh sin. Ach baineann priacal beag trombóise leis an bpiollaire seo i mná os cionn 35 bliain d'aois ach go háirithe (bíonn an mionphiollaire níos sábháilte do na mná seo, bíodh is nach iomlán éifeachtach é). Tá ábhar frithghiniúnach iar-riachtana ann, a chuimsíonn an éistrigin shaorga stilbeistreól, a choisceann ionchlannú aon uibhe toirchithe. Ach níl sé seo iontaofa a dhóthain le húsáid go rialta, agus coinnítear i gcomhair éigeandála é (sracadh an choiscín nó [[comhriachtain]] neamhchosanta neamhphleanáilte). Tá RU-486 (mifipreastón) ar fáil ó [[1988]], agus conspóid mar gheall air. Luaitear mar phiollaire ginmhillte é mar cuireann sé tús le caitheamh líneáil na broinne, cosúil le míostrú normálta, agus is féidir é a thógáil [[seachtain]] nó dhó i ndiaidh comhriachtana, tar éis ionphlandáil uibhe toirchithe.
 
==Modhanna==
===Coiscíní ===
As [[laitéis]] is [[sileacón]] a dhéantar coiscíní inniu, agus is cosaint mheicniúil réasúnta éifeachtach é i gcoinne giniúna, agus i gcoinne [[SEIF]] is galar eile a tharchuirtear trí ghnéas. Ach teipeann coiscíní ó am go chéile, bíodh is go bhfuil a n-úsáid an-choitianta san [[iarthar]].
 
===Caipíní ===
Tá gairis mheicniúla eile in úsáid freisin — sciatha, scairteacha, is caipíní — a chuireann an bhean isteach ina [[faighin]] agus is gá a choinneáil ina ionad ar feadh 6-8 uair i ndiaidh comhriachtana. Feabhsaíonn speirmicíd éifeacht na ngaireas seo.
 
===Ionútarach frithghiniúnach (IUD) ====
Baineann an fearas ionútarach frithghiniúnach (IUD) feidhm as cornaí is crúcaí [[Plaisteach|plaistigh]] nó miotail, agus is gá go gcuirfidh duine oilte i mbroinn na mná é. Is éifeachtach an modh é seo, ach uaireanta cuireann sé tús le [[Ionfhabhtú|hionfhabhtú]], [[rith fola]], damáiste don bhroinn, agus b'fhéidir aimride ina dhiaidh.
 
===An piollaire===
Ba mhór an chéim ar aghaidh chun frithghiniúint éifeachtach a chur ar fáil an piollaire frithghiniúnach. Cuimsíonn an piollaire stéaróidigh cosúil leis na [[gnéashormóin]] bhaineanna, [[éastraigin]] is [[prógaistéarón]] le chéile, nó prógaistéarón amháin. Coisceann sé ubhsceitheadh agus cuireann tús le hathruithe i líneáil is táil an cheirbhics, na broinne is na bhfeadán útarach a dhéanann naimhdeach don speirm iad.
 
Is éifeachtaí an comhphiollaire éastraigine is prógaistéaróin ná an piollaire prógaistéaróin amháin (an mionphiollaire). Tógtar iad ar feadh 21 lá, agus tarlaíonn an [[míostrú]] sa 7 lá ina dhiaidh sin. Ach baineann priacal beag trombóise leis an bpiollaire seo i mná os cionn 35 bliain d'aois ach go háirithe (bíonn an mionphiollaire níos sábháilte do na mná seo, bíodh is nach iomlán éifeachtach é).
 
Chuir [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|an eaglais]] is na lianna gairmiúla ina coinne leis na céadta bliain. Ach phléadáil daoine eile ar a son chun an daonra a shrianadh, [[Galair agus ionfhabhtuithe gnéastarchurtha|galair veinéireacha]] a sheachaint, agus méid clann a rialú.
 
===RU-486 (mifipreastón)===
Tá RU-486 (mifipreastón) ar fáil ó [[1988]], agus conspóid mar gheall air. Luaitear mar phiollaire ginmhillte é mar cuireann sé tús le caitheamh líneáil na broinne, cosúil le míostrú normálta, agus is féidir é a thógáil [[seachtain]] nó dhó i ndiaidh comhriachtana, tar éis ionphlandáil uibhe toirchithe.
 
===an modh rithime===
Tá seachaint comhriachtana i dtréimhse shábháilte, an modh rithime, bunaithe ar an [[timthriall míosta]] a bheith go hiomlán tréimhsiúil agus an t-ubhsceitheadh a bhrath go cruinn, ach ní iontaofa an dá thairiscint seo agus mar sin ní iomlán éifeachtach an modh é seo.
 
===aistarraingt an phéinis===
Moltar aistarraingt an phéinis roimh an agall freisin, ach sceitear speirmeacha roimhe sin go minic, agus braitheann sé ar fhéinrialú an fhir: ní féidir go mbeidh sé éifeachtach an t-am ar fad.
 
===Modhanna Eile===
Tá ábhar frithghiniúnach iar-riachtana ann, a chuimsíonn an éistrigin shaorga stilbeistreól, a choisceann ionchlannú aon uibhe toirchithe. Ach níl sé seo iontaofa a dhóthain le húsáid go rialta, agus coinnítear i gcomhair éigeandála é (sracadh an choiscín nó [[comhriachtain]] neamhchosanta neamhphleanáilte).
 
==Stair==
Sna modhanna luatha, ní raibh aon cheimiceán ná gaireas meicniúil i gceist. Dhéantaí folcadh faighne le huisce i ndiaidh comhriachtana go forleathan, ach ní héifeachtach é sin mar fhrithghiniúint.
 
Rinneadh cur síos ar an [[Coiscín|gcoiscín]] mar chosaint i gcoinne sifilise sa [[16ú haois|16ú céad]], nach raibh ann ach truaill lín.
 
==Tagarití==
{{reflist}}
 
{{Fréamh an Eolais}}