An difríocht idir athruithe ar: "Stair na Spáinne"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 18:
Agus an caighdeán agus an imeasctha leis an gcuid eile den Eoraip i gcónaí ag dul chun cinn, ba léir go raibh éagobhsaíocht pholaitiúil an chéad tríú den fhichiú haois ag dul i méid. I mí Aibreáin 1931, nuair a fógraíodh na toghcháin bhardasacha i bpríomhchathracha na n-iarrthóirí Poblachtach, ar an 14 Aibreán fógraíodh an [[Dara Phoblacht na Spáinne|Dara Phoblacht]], theith Rí Alfonso XIII as an tír, d'fhonn cogadh cathartha a sheachaint, a bheadh ann 5 bliana ina dhiaidh sin, i 1936, leis an coup i mí Iúil 1936. Chríochnaigh Cogadh Cathartha na Spáinne sa bhliain 1939 le bua na náisiúnaithe. Bhí an Spáinn neodrach go hoifigiúil sa Dara Cogadh Domhanda; tar éis na tréimhse iarchogaidh, bhí ganntanas agus aonrú idirnáisiúnta i bhfeidhm go mór, ina dhiaidh sin bhí tréimhse d'fhorbairt eacnamaíoch láidir agus oscailteacht áirithe le linn na mblianta ó na 60í go dtí na 70í.
 
Tar éis bháis Franco, d'aisghabháil monarcacht thraidisiúnta na Spáinne i bhfoirm Cheannasaí an Stáit, an Rí [[Juan Carlos I na Spáinne|Juan Carlos I]], agus ceadaíodh an Bunreacht 1978 le linn na tréimhse ar a dtugtar 'La Transición española' uirthi, a chinntigh éabhlóid de réir a chéile an náisiúin a comhdhlúthú i dtreo na monarcachta agus an [[daonlathas parlaiminteach|daonlathais pharlaimintigh]]. Chuaifh an Spáinn isteach sa Chophopal Eorpach sa bhliain 1986. D'eagraigh an Spáinn imeachtaí móra idirnáisiúnta, mar shampla, [[Corn Domhanda FIFA]] sa bhliain 1982 agus [[Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh]] sa bhliain 1992, agus sa bhliain 2002 ghlac an Spáinn an euro mar airgeadra oifigiúil.