An difríocht idir athruithe ar: "Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not good
nasc
Líne 14:
|}}
 
'''Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord''', a dtugtar '''Talleyrand''' air de ghnáth: polaiteoir agus [[taidhleoir]] a rugadh ar [[2 Feabhra]] [[1754]] i b[[Páras]] agus a cailleadh sa chathair úd ar [[17 Bealtaine]] [[1838]]. Bhain sé le muintir uasal, rinneadh sagart de ar chomhairle a uncail, Ardeaspag Réims, agus ceapadh é mar Easpag Autun. Le linn na [[Réabhlóid na Fraince (1789)|Réabhlóide]] thréig sé an chléir agus phós.
 
Bhí poist aige mar a leanas: ardghníomhaire na cléire sa Seanreacht, uachtarán na Comhdhála Náisiúnta agus taidhleoir le linn na Réabhlóide, Aire Gnóthaí Eachtracha le linn na Stiúrthóireachta, na Consalachta agus an Chéad Impireacht, agus taidhleoir nó comhairleoir le linn na monarcachtaí ina dhiaidh sin.